Foraoiseacha

Réamhrá

Thar na haoiseanna tá coillearnacha buailte go dona ag glanadh agus dúshaothrú. Faoi láthair ní chlúdaíonn coillearnacha ach 11% de thírdhreach. Méadaíonn foraoiseacha a bhfuil bainistiú agus plandáil chúramach déanta orthu bithéagsúlacht ár dtaobh tíre, ag cruthú réimse mhóir gnáthóga le haghaidh ainmhithe agus fásra fiáin.

Tugtar bainistíocht inbhuanaithe foraoise ar bhainistiú agus úsáid foraoiseacha ar bhealach a dhéanann cothabháil ar shaibhreas éagsúla a bhfoirmeacha beatha, a bhfeidhmeanna sóisialta agus eacnamaíochta agus a gcumas chun athfhás a dhéanamh. Plandáiltear crainn, ligtear cead dóibh aibiú, baintear iad, athphlandáiltear iad agus athghintear iad go nádúrtha i dtimthriall leanúnach fáis.

Cuireann foraoiseacht fheirme malairt ioncaim ar fáil a chabhraíonn chun pobail fheirmeoireachta a bhuanú, ar an gcaoi sin cuirtear forbairt tuaithe chun cinn agus tugtar deis do dhaoine fanacht ar a gcuid talún. Tá spreagadh dá thabhairt don chlaonadh seo trí dheontas cabhrach agus préimheanna (íocaíochtaí bliantúla) ón tSeirbhís Fhoraoise chun cabhrú le feirmeoirí infheistíocht fhadtéarmach a dhéanamh i gcrainn.

Foraoiseacha Mílaoise

Mar chuid de cheiliúradh bliain na Mílaoise (bliain 2000), ainmníodh os cionn 1500 acra coillearnaí dúchasaí mar "Foraoiseacha Mílaoise na nDaoine". Áirítear an choillearnach dhúchasach (atá roinnte suas i 16 foraois ar fud na tíre) foraoiseacha limistéir nua plandáilte a bhíodh ag baint úsáide as síol dúchasach agus athchóiriú a dhéanamh ar choillearnacha dúchasacha.

Mar chuid den cheiliúradh, plandáladh crann dúchasach saor in aisce thar cheann gach líon tí in Éirinn. Plandáladh 1.2 milliún crainn dhúchasacha ar fad. Eisíodh teastas do gach teach ag tabhairt eolais faoin gcrann a plandáladh do gach teaghlach agus cén áit a bhfuil sé lonnaithe. Ní féidir crann aonair a aimsigh ach is féidir gach teaghlach aimsigh an fhoraois ina bhfuil a gcrann plandáilte. Seiceáil cén fhoraois a bhfuil do chrann lonnaithe inti anseo.

Tá bainistíocht dá dhéanamh ar Thionscadal Foraoiseacha Mílaoise na nDaoine ag Coillte, i gcomhpháirtíocht le Coillearnacha na hÉireann agus an tSeirbhís Fhoraoise.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Aibreán 2019