Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta (GLAS)

Réamhrá

Tháinig deireadh le GLAS an 31 Nollaig 2022 agus níl sé ar oscailt d’iarratais a thuilleadh.

Is féidir an leathanach seo a úsáid chun críocha tagartha le haghaidh faisnéise ar oibriú GLAS go dtí gur dúnadh é an 31 Nollaig 2022.

Táthar tar éis scéimeanna éagsúla a bhunú le himeacht na mblianta chun tacaíocht ioncaim a sholáthar d’fheirmeoirí a ghlacann rannpháirt i ngníomhaíochtaí comhshaoil sonraithe. Cuireann an Scéim Ghlas ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta (GLAS) reatha leis na scéimeanna REPS agus AEOS roimhe sin.

GLAS

Tá an Scéim ar Bheagán Carbóin do Chomhshaol na Talmhaíochta mar chuid den Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020. Soláthraítear maoiniú léi d’fheirmeoirí ar sheachadadh bainistiú.comhshaoil ar a gcuid talún. Caitheann na feirmeoirí gealltanas a thabhairt don scéim ar feadh íostréimhse 5 bliana.

Aidhmeanna na scéime

Baineann roinnt aidhmeanna idirnasctha le GLAS, lena n-áirítear:

  • Talamh na talmhaíochta, a gnáthóga agus a bitheolaíocht a chosaint
  • Modhanna inbhuanaithe na feirmeoireachta ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn
  • Aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna um maolú an athraithe aeráide, um cháilíocht uisce agus um chaomhnú gnáthóg agus speiceas
  • Gnéithe a chothabháil ar nós ballaí cloiche traidisiúnta agus fálta sceach

Croí-cheangaltais

Caitheann gach feirmeoir in GLAS cloí le liosta croí-cheangaltas éigeantach, leis an aidhm chun a chinntiú go mbíonn leibhéal feasa comhshaoil feabhsaithe ag na feirmeoirí. Caitheann na feirmeoirí taifid a choinneáil i leith na mbeart ábhartha a sheachadtar agus caitheann plean bheith acu freisin don éifeachtúlacht acmhainní cothaitheach ar a ngabháltas. Caitheann siad oiliúint a dhéanamh freisin sna cleachtais agus caighdeáin chomhshaoil.

Struchtúr na scéime

Roinntear an rochtain ar GHLAS ina gcisil agus ina bhfo-chisil ilíocha.

Is le Ciseal 1 (a) a bhaineann an rochtain tosaíochta is airde don scéim. Is féidir leat rochtain a fháil uirthi má fhaightear Sócmhainní Comhshaoil Tosaíochta i do ghabháltas ar nós suíomhanna príobháideacha Natura, éan feirme faoi leith (mar shampla, traonaigh nó cromáin na gcearc), coimíneachtaí, limistéar uisce ardstádais nó pórtha neamhchoitianta. Má fhaightear aon cheann acu siúd ar do ghabháltas, caithfidh tú iad a roghnú agus na bearta ábhartha a phleanáil.

Baineann Ciseal 1 (b) le feirmeoirí a dhéanann Bearta Comhshaoil Tosaíochta, lena n-áirítear an íoschuraíocht; bunú idirbharr ó bharr curtha, leathadh sciodair le hastaíochtaí ísle agus bratbharr d’éin fiáine. Baineann ceangaltais mhionsonraithe leo maidir le rátaí stocála (d’fheirmeacha beostoic) agus maidir le hachar (d’fheirmeacha arúla). Féadann feirmeoirí orgánacha cláraithe cáiliú do rochtain tosaíochta ar an scéim faoi Chiseal 1(b) ach bearta a roghnú arb iomchuí don fheirm iad. Ní ráthaítear go bhfaighidh gach iarratasóir incháilithe i gCiseal 1(b) spás sa Scéim, agus beidh feidhm le maitrís scórála más gá.

Is é Ciseal 2 an dara leibhéal rochtana ar GLAS. Ní ráthaítear go bhfaighidh gach iarratasóir cáilithe i gCiseal 2 spás sa Scéim agus beidh feidhm le maitrís scórála más gá.

Baineann Ciseal 2 (a) le feirmeoirí nach bhfuil Sócmhainní Comhshaoil Tosaíochta acu, ach a n-áirítear Limistéar Uisce i mBaol lena gcuid tailte. Ní foláir duit na bearta iomchuí a roghnú arb ábhartha do na Limistéir Uisce i mBaol iad.

Baineann Ciseal 2 (b) d'fheirmeoirí nach bhfuil Limistéar Uisce i mBaol acu, ach a dhéanann ceann de na Bearta Comhshaoil Tosaíochta a liostaítear faoi Chiseal 1 (b). Bíonn ceangaltais éagsúla ann maidir le rátaí stocála agus achar an ghabháltais.

Cuimsíonn Ciseal 3 sraith beart ginearálta, leis an aidhm chun seachadadh na dtairbhí comhshaoil, cáilíochta uisce agus bithéagsúlachta a fheabhsú. Is féidir iad a roghnú i dteannta le bearta Chiseal 1 agus Chiseal 2 nó astu féin. Ní ráthófar rochtain isteach sa scéim le roghnú beart ginearálta amháin ámh. Áirítear leis na bearta sin boscaí d’ialtóga, barrscoitheadh fálta sceach, féarach buan ionchuir ísil agus cosaint na suíomhanna seandálaíochta.

Bainfear leas as maitrís scórála chun ligean d'fheirmeoirí chun ballraíocht a ghlacadh le GLAS trí mheán na mbeart úd má cheadaítear amhlaidh leis an nglacadh le bearta Chiseal 2 agus Chiseal 2.

GLAS+

Féadann roinnt feirmeoirí a gheallann chun bearta rí-dhúshlánacha a dhéanamh bheith incháilithe do GLAS+, ar meicníocht í chun cúiteamh breise a sholáthar ar thiomantas eisceachtúil don chomhshaol.

Is iondúil go mbeidh feidhm le GLAS+ mar a dteastaíonn ó na Sócmhainní Comhshaoil Tosaíochta ar an bhfeirm go seachadfaidh an feirmeoir leibhéal an-ard de thiomantas comhshaoil.

Rataí

Tá rátaí mionsonraithe íocaíochta do na gnéithe éagsúla den GLAS ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Is iondúil gurb ionann an íosíocaíocht GLAS agus €5,000 in aghaidh na bliana. Féadann roinnt feirmeoirí a thugann faoi bhearta fíordhúshlánacha cáiliú do GLAS+ agus d’íocaíocht breise suas le €2,000 in aghaidh na bliana.

I gcás Comhpháirtíochtaí Feirme Cláraithe, is féidir na huasmhéideanna sin a iolrú faoi líon na ngabháltas feirme a thugtar chun na Comhpháirtíochta, faoi réir uaslíon 3 ghabháltas.

Conas iarratas a dhéanamh

Caitheann comhairleoir faofa GLAS an t-iarratas GLAS a ullmhú.

I gcomhair a thuilleadh eolais, déan teagmháil le d’oifig áitiúil den Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara nó le Teagasc.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Eanáir 2017