Spriocanna na hÉireann chun truailliú aeir a laghdú

Conas atá Éire ag dul i ngleic letruailliú aeir?

Tarlaíonn truailliú aeir nuair a scaoiltear gáis agus ceimiceáin cosúil le dé-ocsaíd charbóin isteach san aer. Tarlaíonn seo nuair a dhóitear breoslaí iontaise, ar nós guail. Baol mór sláinte é truailliú aeir agus féadfaidh sé bheith ina chúis le galar croí agus ailse scamhóg. Déanann sé díobháil don chomhshaol agus tá sé mar chúis le hathrú aeráide:

Chun an méid truailleán san aer a laghdú, gheall Éire d’astaíochtaí aeir a laghdú i gcomhaontuithe náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta. Tá spriocanna sna comhaontuithe seo a bhfuil mar chuspóir ag Éirinn iad a bhaint amach laistigh de thréimhse áirithe ama, cosúil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 51% faoin mbliain 2030. Leagtar amach plean reatha na hÉireann chun truailliú aeir a laghdú sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi ghníomhú ar son na haeráide sa Treoir Neamhchasta maidir leis an Aeráid, ina mínítear smaointe agus téarmaí casta faoi ghníomhú ar son na haeráide agus truailliú aeir.

Má tá an t-aer truaillithe i do cheantar, is féidir leat é seo a thabhairt le fios do d’údarás áitiúil nó gearán a dhéanamh faoi thruailliú aeir.

Spriocanna náisiúnta truaillitheaeir na hÉireann

Tugtar cuntas ar spriocanna náisiúnta truaillithe aeir na hÉireann sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide 2019 (pdf). Leagtar dualgas sa phlean ar Éirinn astaíochtaí neodracha a bhaint amach faoi 2050. Ciallaíonn astaíochtaí gurb ionann an méid astaíochtaí a tháirgtear agus an méid astaíochtaí a bhaintear ón atmaisféar.

Tá straitéisí sa phlean chun astaíochtaí a laghdú i limistéir cosúil le fuinneamh, iompar, teileachumarsáid, seirbhís phoiblí agus bainistíocht dramhaíola. Cuireann an plean le gealltanais truaillithe aeir idirnáisiúnta agus AE na hÉireann.

Leagtar an treoir maidir le Aer níos Glaine don Eoraip (CAFE) ón AE amach sna Rialacháin um Cháilíocht an Aeir. Tugtar cuntas iontu ar na teorainneacha do thruailleáin áirithe san aer.

An Bille um Ghníomhú ar son na hAeráide

D’fhoilsigh an Rialtas an Bille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Ísealcharbóin (Leasú), 2021 in 2021. Tugtar cuntas sa Bhille, nach bhfuil i bhfeidhm go fóill, ar spriocanna maidir le truailliú aeir atá níos uaillmhianaí. Leagtar dualgas ar Éirinn an méid seo a leanas a dhéanamh:

•Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 51% faoin mbliain 2030.

•Geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoin mbliain 2050. Tugtar ‘an cuspóir aeráide náisiúnta’ air seo.

Ciallaíonn aeráid atá neodrach ó thaobh na haeráide de geilleagar ina bhfuil astaíochtaí gás ceaptha teasa neodracha. Tugtar ‘neodracht ó thaobh carbóin de’ air seo freisin.

Chun teacht ar bhreis eolais ar an mBille um Ghníomhú ar son na hAeráide, léigh na Ceisteanna Coitianta (pdf) seo.

Cad atá á dhéanamh ag Éirinn chunna spriocanna seo a bhaint amach?

An Plean um Ghníomhú ar son na hAeráide

Leagtar amach sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide na gníomhartha (pdf) ar gá dúinn tabhairt fúthu chun na spriocanna sa phlean seo a bhaint amach. Áirítear leo:

•Toirmeasc a chur ar tháirgí áisiúlachta plaisteacha aonúsáide, cosúil le foirc agus coimeádáin bhia phlaisteacha

•70% den leictreachas a ghiniúint ó fhoinsí in-athnuaite, cosúil le cumhacht ghaoithe

•Díonadh carbóin, nó éifeacht chomhshaoil chinntí agus infheistíochtaí móra uile an rialtais a íoslaghdú

•Astaíochtaí CO2 ón earnáil phoiblí a laghdú 30%, mar shampla, trí fheidhmíocht fuinnimh gach foirgnimh phoiblí a uasghrádú faoi 2040

•Uasghrádú a dhéanamh ar 500,000 teach go mbainfidh siad Rátáil Fuinnimh Foirgnimh (BER) B2 nó níos airde amach

•950,000 feithicil leictreacha a chur ar an mbóthar

•Modhanna feirmeoireachta ísealcharbóin a chomhtháthú

•8,000 heicteár d’fhoraois nua a chur

•Infheistíocht sa Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide a mhéadú.

Príomhghné eile den phlean é an buiséad carbóin cúig bliana. Is éard is buiséad carbóin ná teorainn ar an méid gáis cheaptha teasa a scaoiltear in amfhráma áirithe. Sprioc ghearrthéarmach é a bhaineann leis an sprioc fhadtéarmach.

Lena chinntiú go ndéantar dul chun cinn leanúnach chun na spriocanna seo a bhaint amach, d’fhoilsigh an Rialtas Gníomhartha Eatramhacha Aeráide 2021 (pdf).

Is féidir leat nuashonrú a léamh ar conas atá na spriocanna um ghníomhú ar son na haeráide á mbaint amach ag Éirinn sna tuarascálacha ar dhul chun cinn atá á bhfoilsiú gach ráithe.

Monatóireacht

Déanann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC) monatóireacht ar cháilíocht an aeir agus cuireann sé tionscnaimh i bhfeidhm chun truailliú aeir a laghdú. Cuireann siad eolas fíor-ama ar fáil ar cháilíocht an aeir lena chinntiú nach airde an leibhéal truailleáin dhíobhálacha san atmaisféar ná teorainneacha dlíthiúla.

Ciste Nuálaíochta an AE

Cuireann Ciste Nuálaíochta an AE cistiú ar fáil do thionscadail mhórscála agus bheagscála a úsáideann teicneolaíocht nuálach ísealcharbóin a mbaintear laghdú mór ar astaíochtaí amach dá barr.

Beidh €10 billiún le hinfheistiú ag Éirinn roimh 2030. Tacaíonn an Ciste le tionscadail sna limistéir seo a leanas:

•Tionscail atá dian a thaobh fuinnimh de

•Fuinneamh in-athnuaite

•Stóráil fuinnimh

•Carbóin a ghabháil, a úsáid agus a stóráil

Tacaíochtaí gnó

Tá tacaíochtaí oiliúna, meantóireachta agus airgeadais ar fáil do ghnólachtaí a dhéanann iarracht a n-astaíochtaí a laghdú. Áirítear leo an Ciste um Ghníomhú Fiontar Aeráide agus scéim deontais EXEED. Is féidir teacht ar níos mó eolais inár gcáipéis faoi Thacaíochtaí do ghnólachtaí atá ag aistriú glas.

Spriocanna truaillithe aeir an AE

Tá Éire cláraithe le roinnt treoracha AE chun truailliú aeir a laghdú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú.

Áirítear leis seo an Scéim Trádála Astaíochtaí, a bhaineann le stáisiúin chumhachta, gléasraí tionsclaíocha agus aerlínte a oibríonn san AE. Oibríonn an scéim de réir an chórais ‘teorannaithe agus trádála astaíochtaí’.

Socraítear teorainn don mhéid gáis cheaptha teasa is féidir le hearnálacha atá cumhdaithe ag an scéim a scaoileadh. Laghdaítear an teorainn seo le himeacht ama, a chiallaíonn go dtagann laghdú foriomlán ar astaíochtaí. Is féidir le gnólachtaí liúntais astaíochtaí a thrádáil nó a cheannach. Ach, má scaoileann gnólacht le breis agus a dteorainn agus mura ndéanann siad liúntas comhionann a thrádáil nó a cheannach, gearrfar fíneáil orthu. Caithfidh na hearnálacha fuinnimh, tionscail agus iompair atá cumhdaithe ag an scéim a n-astaíochtaí a laghdú 43% faoin mbliain 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005.

Ceanglaítear sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill ar bhallstáit, Éire ina measc, spriocanna náisiúnta a leagan amach a mbainfear laghdú 30% ar astaíochtaí amach dá mbarr faoin mbliain 2030. Cumhdaítear earnálacha ann ar nós iompair, foirgneamh, talmhaíochta agus dramhaíola.

Leagtar gealltanais amach sa Treoir um Uasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta chun astaíochtaí a laghdú don bhliain 2030 i dtaobh truailleáin aeir ar leith, ocsaíd de nítrigin, dé-ocsaíd sulfair agus amóinia san áireamh. Leagtar teorainneacha amach sa treoir Aer Níos Glaine don Eoraip (CAIFÉ) freisin do thruailleáin dhíobhálacha cosúil le haonocsaíd charbóin, luaidhe agus beinséin.

Spriocanna truaillithe aeiridirnáisiúnta

Tá Éire mar bhall de Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide (UNFCCC), a thacaíonn le freagairt dhomhanda d’athrú aeráide. Tá 197 ball sa choinbhinsiún agus is é máthairchonradh Chomhaontú Pháras.

Comhaontú Pháras

Comhaontú domhanda atá ina cheangal dlí é Comhaontú Pháras maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide. Ghlac 197 tír leis ó 2015.

Leagtar sprioc fhadtéarmach amach sa chomhaontú chun athrú aeráide a theorannú trí théamh domhanda a theorannú go dtí faoi bhun 2°C, agus go dtí 1.5°C, más féidir, i gcomparáid le leibhéil réamhthionsclaíocha.

Cuireann Éire leis an gcomhaontú trí phleananna um ghníomhú ar son na haeráide a chuirtear faoi bhráid an Aontais Eorpaigh thar ceann ballstát. Tugtar cuntas sna pleananna seo, ar a dtugtar Rannchuidithe arna gCinneadh go Náisiúnta (RCNanna), ar na straitéisí agus na spriocanna a bhfuil tír ag tabhairt fúthu chun dul i ngleic le hathrú aeráide.

Geallann RCN an AE d’astaíochtaí ar fud an AE a laghdú 40% faoin mbliain 2030 i gcomparáid le 1990.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Iúil 2021