Na híocaíochtaí iomarcaíochta

Cad is pá iomarcaíochta reachtúil ann?

Nuair a chailleann tú do phost toisc go bhfuil d’fhostóir ag dúnadh an ghnó nó ag laghdú líon na foirne, tugtar iomarcaíocht air seo.

Tá tú i dteideal íosíocaíocht iomarcaíochta a fháil tar éis duit 2 bhliain (104 seachtaine) seirbhíse a bheith agat i do phost. Tugtar iomarcaíocht reachtúil air seo. Tá an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta bunaithe ar ríomh a úsáideann do phá agus do fhad seirbhíse.

Cé mhéid pá iomarcaíochta a gheobhaidh mé?

Is cnapshuim í an íocaíocht iomarcaíochta reachtúil bunaithe ar do phá agus fad seirbhíse.

Má tá tú i dteideal pá iomarcaíochta, tá tú i dteideal:

  • Pá dhá sheachtain do gach bliain seirbhíse
  • Pá seachtaine breise amháin

Is é an t-uasmhéid seachtainiúil a úsáidtear chun pá iomarcaíochta a ríomh ná €600 sa tseachtain (nó €31,200 sa bhliain), fiú má tá do phá níos mó in aghaidh na seachtaine.

Féadfaidh tú an t-áireamhán iomarcaíochta seo a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar an méid pá iomarcaíochta reachtúil a d’fhéadfá a bheith i dteideal a fháil.

Is féidir leat samplaí de ríomh iomarcaíochta a fheiceáil ar gov.ie

Íocaíochtaí breisithe

Níl aon oibleagáid dhlíthiúil ar d’fhostóir aon rud a íoc anuas ar na gnáth-theidlíochtaí reachtúla, is é sin, fógra agus iomarcaíocht reachtúil.

B’fhéidir gur mhaith le d’fhostóir íocaíocht bhreise dheonach a thabhairt duit ar an mbonn gurb é seo norm an tionscail.

D’fhéadfadh go mbeadh ceart conarthach agat ar íocaíocht bhreise má shonraítear é seo i do chonradh fostaíochta, i gcomhaontú comhchoiteann nó ar nós agus cleachtas a bhfostóra.

An íocaim cáin ar an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta?

Tá an íocaíocht reachtúil iomarcaíochta saor ó cháin. Má fhaigheann tú cnapshuim mar chúiteamh as do phost a chailleadh, d’fhéadfadh cuid de a bheith saor ó cháin.

Léigh tuilleadh faoin gcaoi a ngearrtar cáin ar chnapshuimeanna ar iomarcaíocht.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le cibé an bhfuil gnéithe den íocaíocht, mar íoc in ionad fógra, le fáil ar shuíomh Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Conas a ríomhtar m’ollphá seachtainiúil?

Agus d’íocaíocht iomarcaíochta á ríomh, ciallaíonn pá do phá comhlán roimh asbhaintí cánach agus ÁSPC.

Áirítear le pá comhlán seachtainiúil:

  • Do ghnáthphá seachtainiúil reatha
  • Meán ragobair rialta
  • Sochair chomhchineáil

Má íoctar go míosúil thú, roinntear do ghnáthphá míosúil ar 4.33 chun an pá seachtainiúil a ríomh.

Athraíonn mo thuarastal ó sheachtain go seachtain

Sa chás nach mbíonn uaireanta rialta nó pá rialta agat, úsáidtear meán de na 52 seachtain dheireanacha oibrithe.

Conas a ríomhtar an meán ragobair rialta?

Ríomhtar an meán ragobair sheachtainiúil mar seo a leanas:

  • Eisiatar aon ragobair do na 13 seachtaine roimh dháta na hiomarcaíochta
  • Faigh méid iomlán na ragoibre a tuilleadh sna 26 seachtaine roimhe sin (gan na 13 seachtaine roimh dháta na hiomarcaíochta a áireamh)
  • Má raibh aon seachtainí ann nár oibrigh tú sna 26 seachtaine, is féidir síneadh siar a chur leis na 26 seachtaine do gach seachtain nár oibrigh tú
  • Roinn an t-iomlán ar 26 chun an meán ragobair sheachtainiúil a fháil

Cuirtear an meán ragoibre seo leis an ngnáthphá seachtainiúil.

Bhí níos lú ná íosphá á thuilleamh agam

Má bhí tú ag tuilleamh níos lú ná íosphá b’fhéidir go mbeifeá i dteideal íocaíocht a fháil bunaithe ar an íosphá. Tá eisceachtaí ann maidir le haon tréimhse ina raibh tú i bprintíseacht reachtúil nó faoi bhun 20 bliain d’aois

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi conas a ríomhtar pá comhlán seachtainiúil ar gov.ie

Conas a ríomhtar fad mo sheirbhíse?

Is éard is seirbhís ináirithe ann ná an fad ama a bhí tú fostaithe go leanúnach i do phost a chuirtear san áireamh agus íocaíocht iomarcaíochta á ríomh.

Ní chiallaíonn seirbhís ináirithe cé mhéad seachtain a raibh tú fostaithe dóibh. Ciallaíonn sé cé chomh fada agus a bhí tú ag obair i ndáiríre ag déanamh na hoibre. Mar sin ní fholaíonn seirbhís ináirithe neamhláithreachtaí áirithe ón obair.

Cuirtear neamhláithreachtaí ón obair le 3 bliana anuas san áireamh agus fad do sheirbhíse á ríomh. Ní chomhairtear aon neamhláithreachtaí lasmuigh den tréimhse 3 bliana seo. Críochnaíonn an tréimhse 3 bliana ar an dáta a thagann deireadh le d’fhostaíocht.

Cad a áirítear mar sheirbhís ináirithe?

Áirítear na tréimhsí seo a leanas mar sheirbhís ináirithe, (ar a dtugtar asláithreachtaí ináirithe):

  • An tréimhse a raibh tú i ndáiríre ag obair
  • Neamhláithreacht ar bith ón obair mar gheall ar laethanta saoire
  • Neamhláithreacht ar bith ón obair mar gheall ar bhreoiteacht (féach thíos le haghaidh tréimhsí breoiteachta neamh-ináirithe)
  • Aon tréimhse ina raibh tú as láthair ón obair trí chomhaontú le d’fhostóir (go hiondúil sos gairme)
  • Aon tréimhse de shaoire mháithreachais bhunúsach agus bhreise a cheadaítear faoin reachtaíocht
  • Aon tréimhse de shaoire bhunúsach uchtaíoch, atharthachta, tuismitheora, tuistechúram nó saoire cúramóirií
  • Tréimhse frithdhúnadh ar bith ó d’fhostaíocht
  • Aon tréimhse ina gcaomhnaítear leanúnachas d’fhostaíochta faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach

Cad nach n-áirítear mar sheirbhís ináirithe?

Ní áirítear na tréimhsí seo a leanas thar na 3 bliana seo caite mar sheirbhís, (ar a dtugtar neamhláithreachtaí ináirithe):

  • Aon tréimhse thar 52 seachtain as a chéile ina raibh tú as obair mar gheall ar ghortú ag an obair
  • Tréimhse ar bith thar 26 seachtain as a chéile ina raibh tú as obair mar gheall ar bhreoiteacht
  • Tréimhse ar bith ar stailc
  • Aon tréimhse leagtha ón obair

Is féidir leat samplaí de ríomh iomarcaíochta a fheiceáil ar gov.ie. Clúdaíonn Sampla 4 asláithreachtaí inríofa atá san áireamh sa ríomh agus clúdaíonn Sampla 5 asláithreachtaí neamh-inríofa atá eisiata ón ríomh.

Leagan as ón obair mar gheall ar COVID-19 agus seirbhís ináirithe

Má raibh tú ar an Scéim Fóirdheontais Pá Shealadach COVID-19 (SFPS)nó ar an Scéim Fóirdheontas Pá Fostaíochta (SFPF), áireofar an tréimhse seo mar sheirbhís ináirithe chun iomarcaíocht reachtúil a ríomh.

Mar sin féin, ní áirítear aon tréimhse leagan as le linn na paindéime mar sheirbhís ináirithe (léigh faoi sheirbhís ináirithe in ‘Conas a ríomhtar fad mo sheirbhíse?’ thuas).

Íocaíocht speisialta má chaill tú seirbhís ináirithe

Má chaill tú amach ar sheirbhís ináirithe agus tú leagtha as go sealadach le linn COVID-19 agus má rinneadh iomarcach tú, d’fhéadfadh go mbeifeá in ann íocaíocht speisialta suas le €2,268 (saor ó cháin) a fháil. Féadfaidh tú cur isteach ar an íocaíocht ó 19 Aibreán 2022 (féach ‘Conas iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht speisialta iomarcaíochta’ thíos).

Braitheann an méid a gheobhaidh tú ar cé chomh fada agus a bhí tú leagtha as. Mar shampla, má thuill tú €600 nó níos mó in aghaidh na seachtaine agus má raibh tú leagtha as don tréimhse éigeandála ar fad, gheobhaidh tú an t-uasmhéid de €2,268.

Bainfidh an íocaíocht le fostaithe:

  • A leagtar as iad idir 13 Márta 2020 agus 31 Eanáir 2025
  • Gur chaill siad seirbhís ináirithe mar gheall ar leagan as idir 13 Márta 2020 agus 31 Eanáir 2022 (an tréimhse éigeandála), de bharr srianta COVID-19

D’fhéadfaidh tú a bheith i dteideal na híocaíochta, cibé an raibh nó nach raibh tú ag fáil an PUP nó íocaíocht cuardaitheora poist le linn an leagan as.

Leagtar amach san Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta (Leasú), 2022 an bunús dlí don íocaíocht speisialta. Tháinig an tAcht i bhfeidhm an 19 Aibreán 2022.

Conas iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht speisialta iomarcaíochta

Ba cheart go ndéanfadh d’fhostóir iarratas ar an íocaíocht thar do cheann chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí.

Mura ndéanann d’fhostóir iarratas ar do shon, déan teagmháil le rannóg na n-íocaíochtaí iomarcaíochta sa Roinn Coimirce Sóisialaí (is féidir leat sonraí teagmhála a fháil faoi ‘Tuilleadh faisnéise’ thíos).

Cinnfear méid na híocaíochta ag an difríocht idir:

  • An chnapshuim a mbeifeá i dteideal a fháil ar iomarcaíocht mura ndéanfaí tú a leagan as mar gheall ar COVID-19
  • An méid a bhfuil tú i dteideal a fháil nuair a dhéantar iomarcach tú

Léigh tuilleadh faoin Scéim Íocaíochta Leagan As a Bhaineann le COVID-19, lena n-áirítear conas d’íocaíocht a ríomh, ar gov.ie.

Rinneadh iomarcach mé tar éis dom a bheith ar uaireanta laghdaithe nó pá

Braitheann an chaoi a ríomhfar d’íocaíocht ar cibé an ndearnadh iomarcach tú:

  • Laistigh de bhliain ó bheith curtha ar uaireanta nó pá laghdaithe, nó
  • Tar éis uaireanta oibre laghdaithe a oibriú ar feadh níos mó ná bliain

Déantar iomarcach tú laistigh de bhliain ó cuireadh ar uaireanta nó pá laghdaithe thú

Má dhéantar iomarcach tú laistigh de bhliain ó bheith ar uaireanta nó pá laghdaithe, beidh d’íocaíocht iomarcaíochta bunaithe ar do thuilleamh ar feadh seachtaine iomlán.

Déantar iomarcach tú tar éis uaireanta laghdaithe a oibriú ar feadh níos mó ná bliain

Má dhéantar iomarcach tú tar éis uaireanta laghdaithe a oibriú ar feadh níos mó ná bliain, braitheann an chaoi a ríomhtar d’íocaíocht ar cibé acu ar ghlac tú leis a bheith ar uaireanta laghdaithe nó nár ghlac:

Rannóg Íocaíochtaí Iomarcaíochta

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Bunurlár
Teach Gandon
Sráid Amiens
Baile Átha Cliath 1
D01 A361

Teil: (01) 673 4500 or 0818 111 112

Conas a gheobhaidh mé mo phá iomarcaíochta?

Ba cheart do d’fhostóir an chnapshuim iomarcaíochta a íoc leat nuair a thagann deireadh le d’fhostaíocht. Mar shampla, d’fhéadfadh gurb é seo an lá deiridh de do thréimhse fógra nó ar do chéad lá pá eile.

Má tá d’fhostóir ag íoc na cnapshuime iomarcaíochta leat, ní gá dóibh foirm iarratais ar líne a chur isteach (ar a dtugtaí an fhoirm RP50 roimhe seo).

Mar sin féin, ba cheart go bhfaigheadh d’fhostóir cruthúnas gur íoc sé/sí do chnapshuim leat agus cóip den chruthúnas íocaíochta a thabhairt duit.

Ba chóir go dtabharfadh d’fhostóir ráiteas scríofa duit freisin a thaispeánann conas a d’oibrigh amach aon íocaíocht.

Mura bhfaighim mo phá iomarcaíochta

Mura dtugann d’fhostóir pá iomarcaíochta reachtúil duit nuair atá tú i dteideal é, ba cheart duit scríobh chucu ag lorg íocaíochta. Má tá ionadaí fostaithe agat, ar nós oifigeach ceardchumainn, b’fhéidir go mbeidh siad in ann cabhrú leat.

Mura bhfuil do chnapshuim iomarcaíochta íoctha ag d’fhostóir, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig d’fhostóir ar an bhfoirm RP77 (pdf).

Mura féidir le d’fhostóir íoc nó má tá siad dócmhainneach, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chun an íocaíocht a fháil ón Rialtas faoin gCiste Árachais Shóisialaigh. Faigh tuilleadh comhairle mura bhfuil d’fhostóir in ann íoc agus má tá fadhbanna agat do phá iomarcaíochta a fháil.

Diúltaíonn d’fhostóir íocaíocht a dhéanamh nó tá díospóid ann faoin iomarcaíocht

Má dhiúltaíonn d’fhostóir do chnapshuim iomarcaíochta a íoc nó má tá díospóid ann faoin iomarcaíocht is féidir leat éileamh a thabhairt chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Comhlánaigh agus cuir isteach an fhoirm ghearáin ar líne atá ar fáil ar workplacerelations.ie. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de bhliain amháin ó do dhífhostú.

Léigh tuilleadh céimeanna nach mór duit a ghlacadh má dhiúltaíonn d’fhostóir íocaíocht a dhéanamh nó má bhíonn díospóid ann.

Tuilleadh eolais

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta ar gov.ie, ar shuíomh gréasáin Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe (ENEDD) inou.ie nó ó Sheirbhísí Faisnéise agus Custaiméara an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ba cheart an t-iarratas ar íocaíocht ón gCiste Árachais Shóisialaigh a sheoladh chuig:

SharedAddress for Social Protection (Redundancy Payments) : ID a441adea819

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Meitheamh 2022