Téarmaí dlíthiúla mínithe

Fadhbanna agat maidir le do pháiomarcaíochta a fháil

Ba cheart do d’fhostóir cnapshuim na hiomarcaíochta a íoc leat nuair a thagann deireadh le do chuid fhostaíochta. M.sh, b'fhéidir gurb é seo an lá deiridh de thréimhse d'fhógra nó gurb é do chéad lá pá eile.

Muna bhfaigheann tú do phá iomarcaíochta reachtúil nuair atá tú i dteideal é, ba cheart duit dul i dteagmháil le d’fhostóir. Ba chóir duit á dhéanamh i scríbhinn lena chinntiú go bhfuil taifead agat ina leith. Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig d’fhostóir ar an bhfoirm RP77 (pdf).

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh chuig d’fhostóir ar íocaíocht iomarcaíochta laistigh de bhliain amháin ón dáta a thagann deireadh le do chuid fostaíochta.

Muna féidir le d’fhostóir á híoc nó má tá sé dócmhainneach, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an íocaíocht a fháil ón Rialtas tríd an gCiste Árachais Shóisialaigh.

Ní féidir le m'fhostóir áhíoc

Mura bhféidir le d’fhostóir do chnapshuim iomarcaíochta a íoc, is féidir leis iarratas a dhéanamh ar Scéim na n-Íocaíochtaí Iomarcaíochta.

Ba cheart do d’fhostóir na céimeanna thíos a leanúint:

Logáil isteach ar an tseirbhís Welfare Partners service. Chun rochtain a fháil ar an tseirbhís, ba cheart go mbeadh Fo-theastas de chuid an Roinn Coimirce Sóisialaí ó na Coimisinéirí Ioncaim (pdf) ag d'fhostóir.

  1. Líon an fhoirm iarratais isteach agus cuir isteach ar líne í (foirm RP50 roimhe seo).
  2. Íoslódáil Foirm Dhearbhaithe an Fhostaí chríochnaithe agus seol chuig an bhfostaí í trí rPhost nó tríd an bpost.
  3. Uaslódáil deimhniú ón bhfostaí go bhfuil Foirm Dhearbhaithe an Fhostaí cruinn. Ba cheart go mbeadh síniú fisiceach nó digiteach léi nó rPhost ón bhfostaí ag dearbhú go bhfuil an fhaisnéis inti cruinn.
  4. Uaslódáil an doiciméid ‘Riachtanach’ agus an doiciméid ‘Roghnach’.
  5. Déan athbhreithniú ar an dearbhú san alt ‘Achoimre ar an Iarratas’ agus alt ‘Cuir isteach an Iarratais’.

Is féidir le fostóirí mion-fhaisnéis a fháil ar conas rochtain a fháil ar Welfare Partners agus ar conas an tseirbhís seo a húsáid i dTreoir d’Fhostóirí (pdf).

Tá m’fhostóir dócmhainneach

Má tá deacrachtaí airgeadais ag d’fhostóir nó má éiríonn sé dócmhainneach is féidir leis na cúirteanna leachtaitheoir, glacadóir nó scrúdaitheoir a cheapadh.

Glacfaidh siad ionad d’fhostóra agus déileálfaidh siad le haon teidlíochtaí gan íoc atá ann.

Mura bhfuil aon airgead ar fáil chun íocaíochtaí na hiomarcaíochta a dhéanamh, déanfaidh siad iarratas ar do shon chuig Rannóg na n-Íocaíochtaí Iomarcaíochta.

Déantar a leithéid agus úsáid a bhaint as an seirbhís Welfare Partners. Is féidir mioneolas a fhail ar conas rochtain a fháil ar Welfare Partners agus ar conas an tseirbhís seo a úsáid sa Treoir d’Ionaithe na bFostóirí(pdf).

Diúltaíonn m’fhostóir áhíoc

Má dhiúltaíonn d’fhostóir d’íocaíocht iomarcaíochta reachtúil a íoc, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar íocaíocht dhíreach ón gCiste Árachais Shóisialaigh.

Má dhiúltaíonn d’fhostóir do chnapshuim iomarcaíochta a íoc nó má tá díospóid faoin iomarcaíocht eatraibh, is féidir leat éileamh a thabhairt chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre – féach ‘An díospóid a thabhairt chuig an CCÁO ’ thíos.

An díospóid a thabhairt chuig anCCÁO

Má dhiúltaíonn d’fhostóir do chnapshuim iomarcaíochta a íoc nó má tá díospóid ann faoin iomarcaíocht, is féidir leat éileamh a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ní mór duit úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne atá ar fáil ag workplacerelations.ie. Ní mór duit a leithéid a dhéanamh laistigh de bhliain amháin ó dheireadh do chuid fostaíochta. Is féidir leis an CCÁO an teorainn ama a shíneadh go dtí 2 bhliain i gcásanna eisceachtúla.

I ndiaidh chinneadh an CCÁO

Déanfaidh an CCÁO cinneadh ar do ghearán. Má bhíonn breithneoir an CCÁO i bhfabhar duit, is féidir le d’fhostóir an íocaíocht a dhéanamh.

Má dhiúltaíonn d’fhostóir fós do chuid iomarcaíochta a íoc, is féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach ar do chnapshuim chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) le haghaidh íocaíochta faoi Scéim na n-Íocaíochtaí Iomarcaíochta.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí na céimeanna seo a leanas:

  1. rPhost a sheoladh chuig redundancypayments@welfare.ie chun foirm iarratais (RP50) a iarraidh.
  2. Críochnaigh an fhoirm RP50 agus déan á síniú.
  3. Seol an fhoirm RP50 sínithe chuig an Rannóg Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta de chuid an RCS mar aon le cóip de chinneadh an CCÁO. Ní mór duit d’éileamh a dhéanamh laistigh de 52 sheachtain ó chinneadh an CCÁO..

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh faisnéise faoin Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta ar fáil ag gov.ie, ar an suíomh Gréasáin de chuid an Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe (ENÉDD) inou.ie nó ó Fhaisnéis agus Sheirbhísí na gCustaiméirí de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ba chóir an t-iarratas ar íocaíocht ón gCiste Árachais Shóisialaigh a sheoladh chuig Íocaíochtaí na hIomarcaíochta san RCS – féach thíos.

Chun eolas a fháil ar stádas an éilimh ar chnapshuim nó ar lacáiste a cuireadh isteach le haghaidh íocaíochta, is féidir leat dul i dteagmháil díreach le Rannóg na n-Íocaoíochtaí Iomarcaíochta.

Dlithe na hIomarcaíochta

Tá na dlíthe maidir leis an iomarcaíocht leagtha amach sna hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967–2014.

Rannóg Íocaíochtaí Iomarcaíochta

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Bunurlár
Teach Gandon
Sráid Amiens
Baile Átha Cliath 1
D01 A361

Teil: (01) 673 4500 or 0818 111 112

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Meitheamh 2022