Comhionannas aoise san fhostaíocht

Réamhrá

Cuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015 cosc ar leatrom a dhéanamh i gcúrsaí fostaíochta ar chúinsí faoi leith, aois san áireamh. Tá sé neamhdhleathach leatrom a dhéanamh ar dhuine ar chúinse aois. Ní bhaineann na hAchtanna ach le daoine os cionn na haoise uasta ag a bhfuil oibleagáid reachtúil ar dhuine freastal ar scoil (16). Mar sin féin tá roinnt eisceachtaí a bhaineann leis an riail ghinearálta a chuireann cosc ar leatrom. Tá forálacha sna hAchtanna freisin do ghníomhaíocht dhearfach a dhéanamh ar fhorais ar leith, aois san áireamh.

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Scrúdaíonn An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus/nó déanann sé idirghabháil i gcás díospóidí maidir leis an reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta a chur i bhfeidhm. Déanann oifigeach breithnithe imscrúdú ar ghearáin maidir le leatrom aoise agus féadfaidh sé sásamh nó cúiteamh a ordú.

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Scrúdaíonn An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre agus/nó déanann sé idirghabháil i gcás díospóidí maidir leis an reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta a chur i bhfeidhm. Déanann oifigeach breithnithe imscrúdú ar ghearáin maidir le leatrom aoise agus féadfaidh sé sásamh nó cúiteamh a ordú.

Rialacha

Cuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015 cosc ar leatrom díreach nó indíreach agus ar leatrom trí bheith bainteach sa láthair oibre, lena n-áirítear gach gné den obair, ar bhonn gnéis, stádas sibhialta agus teaghlaigh, claonadh gnéasach, creideamh, aois, míchumas, cine agus ballraíocht den lucht siúil.

Leatrom aoise

Sainmhínítear leatrom mar chaitheamh le duine amháin ar bhealach níos mífhabhraí ná duine eile i gcúinsí chomhcosúla ar aon cheann de na forais a shainítear. Clúdóidh sé ní amháin leatrom reatha agus caite, ach clúdóidh sé freisin leatrom a d'fhéadfadh tarlú sa todhchaí nó atá curtha i leith duine.

Cathain a bhíonn leatrom i gceist?

Tá cosc san Achtanna ar leatrom a dhéanann

  • Fostóirí
  • Gníomhaireachtaí fostaíochta
  • Soláthraithe gairimoiliúna
  • Ceardchumainn
  • Eagraíochtaí fostóirí,
  • Comhlachtaí gairmiúla
  • Cumainn trádála

Cuireann na hAchtanna cosc ar leatrom i bhfógraí post freisin.

Baineann leatrom coiscthe le pá comhionann, rochtain ar fhostaíocht, coinníollacha fostaíochta, oiliúint nó taithí, ardú céime nó athghrádú nó rangú post. Ní chuimsíonn coinníollacha fostaíochta pinsin sa chomhthéacs seo.

Tarlaíonn leatrom neamhdhíreach nuair a chruthaíonn foráil a bhfuil cuma neodrach uirthi míbhuntáiste faoi leith do dhaoine ó ghrúpa áirithe atá clúdaithe ag na hAchtanna agus nuair nach bhfuil aidhm dhlisteanach ag an bhforáil agus nach bhfuil na modhanna chun an aidhm a bhaint amach oiriúnach agus riachtanach.

Eisceachtaí ón toirmeasc ginearálta ar leatrom ar fhorais aoise

Faoi na hActanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015 is féidir le fostóir:

  • Íos-riachtanas aoise (nach mó ná 18 bliain d'aois) a shocrú i gcomhair iarrthóirí féideartha ar phost
  • Conradh téarma seasta a thairiscint do dhuine atá os cionn na haoise scoir éigeantaigh ar an gcoinníoll go gcosnaítear é ar bhonn foras oibiachtúla

Maidir le scéim sochair cheirde, ní leatrom ar fhorais aoise é d'fhostóir:

  • Aoiseanna a shocrú i gcomhair teacht isteach ina leithéid de scéim nó i gcomhair teidlíochta ar shochair faoin scéim;
  • Aoiseanna éagsúla a shocrú do gach fostaí nó catagóir fostaithe;
  • Úsáid a bhaint as critéir aoise i ríomhaireachtaí achtúire i gcomhthéacs a leithéid de scéim, nó
  • Rátaí éagsúla pá tearfa a sholáthar d'fhostaithe éagsúla nó do ghrúpaí nó do chatagóirí fostaithe, na rátaí seo arna mbunú ar, nó ag tógáil san áireamh na tréimhse idir aois fostaí ar fhágáil na fostaíochta agus ar aois a scoir éigeantaigh chomh fada is nach ionann é seo agus leatrom ar fhorais inscne.

Gníomhú dearfach

Tá gníomhú dearfach chun lánpháirtíocht san fhostaíocht a éascú do dhaoine thar na naoi bhforas go léir seo ceadaithe faoina hAchtanna.

Conas gearán a dhéanamh

Má mhothaíonn tú go ndéanadh leatrom ort ar bhonn aoise (nó ar aon bhonn eile) ba cheart duit ar dtús an cheist a ardú leis an bhfostóir. Mura mbíonn tú sásta leis an bpróiseas seo ba cheart gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre tríd an bhfoirm gearáin ar líne a úsáid atá ar fáil ar fáil ar workplacerelations.ie

Ní mór gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2015 a dhéanamh laistigh de 6 mhí ón ngníomh deireanach leatroim. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a chur leis an teorainn ama ach amháin i gcás go bhfuil cúis réasúnach ann a chuir cosc ar an ngearán a dhéanamh laistigh den ghnáth-theorainn ama.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

16-22 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
Éire

Uaireanta Oscailte: Dé Luain go hAoine 9am go 1pm agus 2pm go 5pm
Teil: (01) 858 9601
Lóghlao: 1890 245 545
Facs: (01) 858 9609
Láithreán Gréasáin: http://www.ihrec.ie/

An Binse Comhionannais

Teach Mhic Dhábhéid
Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 613 6800
Lóghlao: 1890 34 44 24
Facs: (01) 613 6801
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Aibreán 2020