Ciapadh ag an obair

Réamhrá

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

16-22 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
Éire

Uaireanta Oscailte: Dé Luain go hAoine 9am go 1pm agus 2pm go 5pm
Teil: (01) 858 9601
Lóghlao: 1890 245 545
Facs: (01) 858 9609
Láithreán Gréasáin: http://www.ihrec.ie/

Cad is ciapadh agus gnéaschiapadh ann?

Ciapadh

Is ionann ciapadh agus “iompar neamhiarrtha” a bhaineann le haon cheann de na 9 bhforas leithcheala (féach ‘Réamhrá‘ thuas). Sáraíonn ciapadh do dhínit agus cruthaíonn sé timpeallacht imeaglaithe, maslach, náireach nó gránna duit.

I measc roinnt samplaí de chiapadh tá:

  • Ciapadh ó bhéal, mar shampla magadh a dhéanamh nó tráchtanna dímheasúla (maslacha)
  • Ciapadh i scríbhinn, amhail graifítí, teachtaireachtaí téacs, ríomhphoist, nó postáil ar na meáin shóisialta
  • Ciapadh fisiciúil, mar shampla brú nó ionsaí ar bith eile
  • Iompar imeaglaithe, amhail gothaí nó bagairtí
  • Taispeántais amhairc ar nós póstaeir, comharthaí nó suaitheantais
  • Monatóireacht iomarcach ar an obair
  • Leithlisiú nó eisiamh ó ghníomhaíochtaí sóisialta
  • Athrú míréasúnta a chur ar d'ábhar poist nó ar do sprioc.

Gnéaschiapadh

Is éard is gnéaschiapadh ann ná “iompar neamhiarrtha de chineál gnéasach” a théann i bhfeidhm ar do dhínit ag an obair.

Is féidir go leor iompraíochtaí a bheith i gceist le gnéaschiapadh, mar shampla:

  • Iompar fisiceach de chineál gnéasach, lena n-áirítear lámh a leagan ar dhuine gan ghá, cuimilt in aghaidh colainn fostaí eile, ionsaí agus caidreamh collaí comhéigneach
  • Iompar ó bhéal de chineál gnéasach, lena n-áirítear cuireadh craicinn nó brú maidir le teagmháil ghnéasach, moltaí leanúnacha maidir le teagmháil shóisialta lasmuigh den áit oibre tar éis é a bheith curtha in iúl go soiléir nach bhfuil fáilte roimh na moltaí sin, claontagairt ghnéis nó tagairtí gáirsiúla
  • Iompar scríofa de chineál gnéasach, lena n-áirítear ríomhphoist, teachtaireachtaí téacs nó postálacha ar na meáin shóisialta
  • Iompar eile de chineál gnéasach, mar shampla, feadaíl, féachaint go drúisiúil, agus pictiúir ghnéasacha a thaispeáint
  • Iompar atá bunaithe ar inscne, lena n-áirítear maslaí dímheasúla nó maslacha atá bunaithe ar inscne (mar shampla, fostaí a mhaslú toisc go bhfuil siad torrach nó trasinscneach)

Cé a dhéanann ciapadh agus gnéaschiapadh?

Cosnaíonn an dlí thú ó chiapadh agus ó ghnéaschiapadh ag:

  • Comhoibrí
  • Do shaoiste
  • Duine éigin díreach os do chionn
  • Cliant
  • Custaiméir
  • Aon teagmhálaí gnó eile (ar nós conraitheoirí seachtracha, foireann glantacháin agus cothabhála, oibrithe deonacha, agus mar sin de)

Cén áit ar féidir le ciapadh tarlú?

Is féidir ciapadh a dhéanamh ag an obair, ar chúrsa oiliúna, ar thuras oibre, ag imeacht sóisialta oibre, nó aon ócáid eile a bhaineann le do phost.

Cé hiad na daoine a bhfuil tionchar ag ciapadh orthu?

D'fhéadfadh sé a bheith dírithe ar fhostaí amháin nó ar ghrúpa fostaithe, agus d'fhéadfadh sé a bheith comhdhéanta d'eachtra amháin nó d'iompar míchuí arís agus arís eile.

Freagrachtaí an fhostóra

Ba chóir go mbeadh beartas agus nósanna imeachta ag d'fhostóir chun déileáil le ciapadh ag an obair agus chun é a chosc. Ba chóir go leagfadh an beartas amach cad is iompar do-ghlactha ag an áit oibre ann. Ba chóir go mbeadh nós imeachta casaoide nó gearán éifeachtach i bhfeidhm chun déileáil le gearáin faoi chiapadh.

Caithfidh gach fostaí a bheith curtha ar an eolas faoin mbeartas agus faoi na nósanna imeachta.

Tá treoir phraiticiúil d'fhostóirí agus d'fhostaithe sa Chód Cleachtais nua um Ghnéaschiapadh agus Ciapadh ag an Obair (pdf) maidir le conas ciapadh agus gnéaschiapadh a chosc ag an obair, agus conas nósanna imeachta a chur i bhfeidhm chun déileáil leis. Tá an Cód inghlactha i bhfianaise in imeachtaí os comhair na gcúirteanna, an WRC agus an Chúirt Oibreachais.

Má rinneadh ciapadh

De réir an dlí, d'fhéadfaí freagracht a chur ar d'fhostóir má tharlaíonn ciapadh go hiomlán lasmuigh de chúrsa d'fhostaíochta, ach caitear leat ar bhealach difriúil ag an obair mar gheall ar do dhiúltú nó do ghlacadh leis an gciapadh.

Má thugann tú éileamh i gcoinne d'fhostóra ar chiapadh, d'fhéadfadh cosaint a bheith ag d'fhostóir trína thaispeáint gur ghlac siad céimeanna réasúnta praiticiúla chun an ciapadh a chosc nó chun cosc a chur ar chóir dhifriúil ag an obair.

Ní féidir íospairt dhéanamh ort as éileamh a dhéanamh faoin reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta.

Gearán a dhéanamh faoi chiapadh ag an obair

Cur chuige neamhfhoirmiúil

Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi chiapadh, ba chóir duit i dtosach báire a shoiléiriú don duine i gceist go bhfuil a (h)iompar, (h)ábhar srl. do-ghlactha agus maslach.

Má tá tú míchompordach nó má tá sé ródheacair duit é a dhéanamh, ba chóir duit iarraidh ar chara nó ar chomhghleacaí, ar dhuine ainmnithe ag an obair nó ar ionadaí ceardchumainn dul i dteagmháil leis an duine ar do shon. Go minic, réiteoidh cur chuige neamhfhoirmiúil mar seo an cheist.

Gearán foirmiúil le d'fhostóir

Uaireanta, ní leor cur chuige neamhfhoirmiúil chun an cheist a réiteach. I gcásanna ina leanann an ciapadh ar aghaidh, b'fhéidir go mbeidh ort gearán foirmiúil a dhéanamh.

Seiceáil beartas d'fhostóra maidir le ciapadh chun a fháil amach:

  • Cad a tharlóidh nuair a dhéantar gearán foirmiúil
  • Conas a dhéanfar an gearán a fhiosrú
  • Cé a dhéanfaidh an t-imscrúdú agus saincheisteanna rúndachta agus cearta an dá pháirtí á gcur san áireamh

Do ghearán a thabhairt níos faide

Má bhraitheann tú nár dhéileáil d'fhostóir i gceart le do ghearán faoi chiapadh nó faoi ghnéaschiapadh, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre tríd an bhfoirm ghearáin ar líne a úsáid.

Ní mór gearáin faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta a dhéanamh laistigh de 6 mhí ón ngníomh deiridh ciaptha. Is féidir an teorainn ama seo a shíneadh 6 mhí eile má bhí "cúis réasúnach" leis an moill.

Mura féidir le duine gearán a dhéanamh go héifeachtach de bharr míchumais intleachtúil nó fiseolaíochta féadann tuismitheoir, caomhnóir nó duine eile gearán a thabhairt thar ceann an ghearánaí.

Léigh an treoir maidir le cás comhionannais fostaíochta a dhéanamh saor in aisce ón láithreán gréasáin Dlí agus Idirghabhála Comhphobail (CLM). Cuireann CLM seirbhísí faisnéise dlí, comhairle agus idirghabhála saor in aisce ar fáil chomh maith.

Idirghabháil ag an WRC

I roinnt cásanna, féadfaidh an WRC do ghearán faoi chiapadh a tharchur le haghaidh idirghabhála. Nuair a tharlaíonn sé seo, labhróidh oifigeach idirghabhála leis an dá pháirtí lena mbaineann agus cabhróidh sé leat teacht ar réiteach comhaontaithe.

Déanfaidh an t-oifigeach idirghabhála an rún a thaifeadadh i scríbhinn, agus é a thabhairt d'Ard-Stiúrthóir an WRC. Tá téarmaí an rúin faoi rún agus ina gceangal dlí ort agus ar an duine eile.

Léigh tuilleadh faoi idirghabháil san ionad oibre.

Tuilleadh eolais

Má tá ciapadh á dhéanamh ort nó bulaíocht á déanamh ort ag an obair, agus mura bhfuil sé nasctha le ceann de na 9 bhforas leithcheala (féach ‘Réamhrá‘ thuas), is saincheist sláinte agus sábháilteachta í. Léigh faoi conas déileáil le bulaíocht ag an obair, nó tabhair cuairt ar láithreán gréasáin an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta chun comhairle a fháil maidir le bulaíocht ag an obair.

Is féidir leat an Cód Cleachtais d'Fhostóirí agus d'Fhostaithe maidir le Bulaíochta ag an Obair a Chosc agus a Réiteach (pdf) a léamh freisin. Tá sé mar aidhm aige a chinntiú nach nglacfar le bulaíocht san áit oibre agus go mbeidh nósanna imeachta ag fostóirí chun déileáil le bulaíocht san áit oibre.

Tá sainchúram ginearálta ag Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas comhionannas a chur chun cinn agus is féidir leis comhairle a thabhairt agus, i gcásanna áirithe, cúnamh dlíthiúil a thabhairt más mian leat éileamh ar chiapadh a dhéanamh faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta.

SharedAddress for Irish Human Rights Commission : ID ab817d8d2a0

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Aibreán 2020