Scoileanna Béarla Mar Theanga Iasachta

Réamhra

Is áit choitianta í Éire le haghaidh daoine a mbíonn suim acu Béarla a fhoghlaim. Tá go leor scoileanna agus cúrsaí ar fud na tíre do gach duine, idir fheidhmeannaigh ghnó agus daltaí atá ag iarraidh feabhais a chur ar a gcuid Béarla agus daoine atá ag iarraidh foghlaim conas Béarla a mhúineadh mar theanga iasachta.

Is scoileanna príobháideacha iad formhór na scoileanna Béarla mar theanga iasachta (EFL) in Éirinn agus ofráileann siad pacáiste lán, le teagasc, lóistín agus gníomhíochtaí sa bhreis ar churaclam san áireamh. Bíonn cúrsaí ullmhúcháin ag formhór na scoileanna seo do na mór-scrúduithe Béarla, ar nós TOEFL, IELTS, Cambridge agus Coláiste na Tríonóide (Londain). Tá cúrsaí TEFL (An Béarla a Mhúineadh mar Theanga Iasachta) ar fáil i go leor scoileanna príobháideacha agus roinnt Ollscoileanna (Ollscoil na hÉireann, BÁC, Ollscoil na hÉireann Corcaí, OÉ Gaillimh, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil Luimní.

Creidiúnú agus Comhordú Seirbhísí Teagaisc an Bhéarla

Tá sé tábhachtach ardchaighdeán sa roinn EFL a chinntiú agus a dhéanamh deimhin de go bhfuil na cúrsaí sna scoileanna Éireannacha ar chomhchéim leis na cinn idirnáisiúnta. Thug an Roinn Oideachais Scileanna freagracht do Creidiúnú agus Comhordú Seirbhísí Teagaisc an Bhéarla (CCSTB) le féachaint i ndiaidh na rannóga EFL. Ó Eanáir 2011 is é CCSTB cuid den Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCE).

Foilsítear liosta na scoileanna agus eagraíochtaí aitheanta EFL in Éirinn ar bhonn bliantúil agus tá sé ar fáil ar shuíomh idirlín an CCSTB.

Rialacha ag baint le scoileanna EFL

Tugtar cuairt ar scoileanna nua faoi dhó le briseadh 10 mí idir an dá chuairt. Bíonn scrúdú ag scoileanna aitheanta ar a laghad uair amháin i ngach 3 bliana chun a chinntiú go bhfuil siad ag cloí leis na rialacha. Sin a tharlaíonn go hiondúil, ach is féidir le CCSTB cuairt a thabhairt ar scoil ag aon am réasúnta.

Tá critéir faoi leith ag CCSTB a n-úsáidtear chun scoileanna a mheas maidir le haitheantas oifigiúil.

  • Caithfidh na háitribh aontú le Sceideal na gCaighdeán Riachtanach a bhíonn ullmhaithe ag CCSTB. I measc na gcaighdeán seo tá riachtanais an Údaráis áitiúil ó thaobh pleanála, tógála, sóláthar uisce, córas séarachais, réamhchúram tine agus slándáil ghinearálta de. Caithfidh teas agus aerú ceart a bheith sna scoileanna chomh maith le háiseanna foghlamtha agus siamsaíochta do scoláirí.
  • Caithfidh scoileanna árachas cuí dliteanas phoiblí agus fostóra a bheith acu agus caithfidh siad cloí le reachtaíocht fhostaíochta agus reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta. Caithfidh ráitis sábháilteachta agus tuairiscí a bheith ar fáil le haghaidh scrúdaithe.
  • Caithfidh scoileanna cloí le riachtanais inimirce na ndaltaí mar atá leagtha síos ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
  • Ba cheart bonn maith oideachasúil a bheith ag na cúrsaí a chuireann na scoileanna ar fáil agus an t-ábhar a bheith oiriúnach dá gcuid cuspóirí luaite.
  • Ba cheart méid uaireanta teagaisc na gcúrsaí a bheith curtha in iúl go soiléir ar an gclár. Go hiondúil, ní cheart go mbeadh níos lú ná 15 uair an chloig teagaisc sa tseachtain i gceist.
  • Ba cheart dalta a chur i rang a oireann dá (h)aois agus dá c(h)umas agus ní cheart níos mó ná 15 dalta a bheith sa rang.
  • Caithfidh sceideal iomlán imeachtaí stiúrtha a bheith mar chuid riachtanach de gach clár sóisearach.
  • Má tá sé feiliúnach, ba cheart saol na hÉireann agus an saol cultúrtha a bheith le braistint sna cúrsaí.
  • Caithfidh céim leibhéal 7 a bheith ag gach múinteoir ag obair i scoileanna teanga chomh maith le cúrsa teastais EFL aitheanta déanta acu.
  • Caithfidh na scoileanna déanamh cinnte go bhfuil socruithe i bhfeidhm le hinsealbhú múinteoirí agus forbairt leanúna na múinteoirí a chothú.
  • Caithfidh duine le scileanna, taithí agus cáilíochtaí sa bhainistíocht acadúil a bheadh in ann déileáil le riachtanais an churaclaim a bheith i ngach scoil. Caithfidh an duine seo a bheith ar fáil d'fhoireann na scoile agus do na daltaí i gcaitheamh an lae oibre.
  • Caithfidh an t-eolas ar fad a bhíonn in aon ábhar fógraíochta (bróisiúir & rl) a bheith soiléir, cruinn agus fíor.
  • Nuair a chuirtear daltaí ar aghaidh chuig eagraíochtaí eile le haghaidh teagaisc, caithfidh aitheantas ón CCSTB le haghaidh Béarla a mhúineadh mar Theanga Iasachta a bheith ag an eagraíocht. D'fhéadfadh CCSTB aitheantas a bhaint ó eagraíocht ar bith. Má bhaintear/má dhiúltaítear aitheantas d'ionad faoi leith, is féidir, le discréid CCSTB, aitheantas a bhaint/a dhiúltiú don eagraíocht ar fad.
  • Ní féidir le hionaid nach bhfuil scrúdaithe ag CCSTB ag seoltaí faoi leith agus nach bhfuil aitheantas faighte acu, fógraíocht a dhéanamh in ábhar poiblíochta ag rá go bhfuil aitheantas acu ón CCSTB.

Riachtanais do theaghlaigh a chuireann lóistín ar fáil

Má bhíonn an lóistín eagraithe ag an scoil, caithfidh sé caighdeán áirithe do theaghlaigh nó lóistín cónaithe a shroichint. Caithfear aire mhaith a thabhairt don dalta agus é/í a ligint a bheith mar pháirt den teaghlach agus é/í ag fanacht le teaghlach.

Caithfear na háiseanna seo a leanas a chur ar fáil don dalta:

  • Leaba chompórdach le sóláthar maith d'éadach maith agus athrú éadaigh leapan uair sa tseachtain
  • Dóthain spáis le haghaidh stóras éadaí
  • Níochán éadaí nó cead an meaisín níocháin a úsáid
  • Bord agus cathaoir don staidéar príobháideach sa seomra codlata nó a bheith in ann seomra eile a úsáid am ar bith le háiseanna staidéir
  • Bheith in ann an seomra folctha a úsáid am ar bith agus folcadh nó cith folctha a bheith acu gach lá
  • Teas, solas agus aerú ceart.
  • Is féidir le gach teaghlach triúr dalta a choimeád, ach caithfidh teangacha difriúla ó dhúchas a bheith ag gach dalta. Ní cheart níos mó ná beirt a bheith in aon seomra amháin agus caithfear béilí éagsúla agus bia maith a shóláthar dóibh. Caithfear aitheantas a fháil ó Bhord Fáilte chun an lóistín a chur ar fáil do na daltaí seo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó CCSTB agus caithfidh na scoileanna na tithe lóistín a scrúdú go rialta.

Cúrsaí TEFL

Tá sé mar aidhm ag cúrsaí TEFL iarrathóirí a chur ar an eolas maidir le Béarla a mhúineadh mar theanga iasachta. Faigheann iarrthóirí amach conas ceachtanna a ullmhú agus a mhúineadh ag an léibhéal cuí, ag brath ar riachtanais na ndaltaí. Tá fáil ar chúrsaí TEFL i go leor scoileanna príobháideacha agus roinnt ollscoileanna. Ar fáil, tá cúrsaí do thosaitheoirí chomh maith le cúrsaí a ullmhaíonn iarrthóirí don láthair oibre. Tá dianchúrsaí ar fáil chomh maith i scoileanna príobháideacha agus ollscoileanna do dhaoine le cáilíochtaí gairmiúla TEFL, ar spéis leo forbairt bhreise phroifisiúnta.

Scrúdú ar Bhéarla Idirghníomhach

An Scrúdú ar Bhéarla Idirghníomhach (TIE) - a chruthú agus a chur i gcrích d'fhoghlaimeoirí an Bhéarla. Tá an scrúdú bunaithe ar thasc a dhéanamh agus roghnaíonn an foghlaimeoir a t(h)asc féin. Mar sin, is féidir le foghlaimeoirí le riachtanais difriúla a mheas leis an scrúdú seo, ar nós daoine atá ag foghlaim Béarla le haghaidh cúrsaí gnó, ar bhonn acadúil nó ar bhonn ginearálta. Déantar scileanna cumarsáide agus idirghníomhacha na bhfoghlaimeoirí a mheas i gcásanna réamhinste chomh maith le cásanna toiliúla agus bíonn ar na foghlaimeoirí scrúdú béil agus scrúdú scríofa a dhéanamh freisin. Tá dhá scrúdú ann:

  • An TIE Sóisearach: d'fhoghlaimeoirí an Bhéarla idir 12 agus 18 bliana d'aois
  • An TIE: d'fhoghlaimeoirí an Bhéarla atá 18 bliana d'aois nó níos mó (tar éis meanscolaíochta).

Déantar an TIE a mheas bunaithe ar Chomhscála Creatlaí Chomhairle na hEorpa ar Líofacht Teanga.

MEI

MEI - cumann tionscail a fheidhmíonn ar son formhór na scoileanna aitheanta EFL in Éirinn. Tugann an Roinn Oideachais aitheantas agus treorú do bhaill MEI tríd CCSTB. Is féidir feidhmeanna MEI a shainmhíniú trí mheán na ranna seo a leanas, tá fo-choiste ag gach ceann atá déanta suas de bhaill den chumann:

  • Caighdeán agus Céimeanna
  • Oideachas agus Traenáil
  • Ceangal Rialtais
  • Ceangal Tionscail
  • Margaíocht
  • Teicneolaíocht.

Gearáin faoi Scoil Bhéarla mar Theanga Iasachta

Má bhíonn gearán le déanamh agat faoi scoil EFL, is féidir teangbháil a dhéanamh le CCSTB (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos), atá freagrach as caighdeáin na scoileanna seo a mheas.

Rátaí

Tá faisnéis faoi tháillí iarratais ar aitheantas ag an CCSTB sna Rialacháin Aitheantais Eagraíochtaí Teagaisc Bhéarla ar an suíomh gréasáin CCSTB.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá an Scrúdú ar Bhéarla Idirghníomhach riartha ag Interactive English Language Tests Ltd (IELT) Ltd agus de ghnáth déantar iarratas trí scoil nó coláiste teagaisc an iarrthóra. Is féidir iarratas a dhéanamh ar fhoirm iarratais TIE (pdf) agus ba cheart a dhéanamh cinnte de go mbíonn d'iarratas istigh ar a laghad 14 lá roimh dháta an scrúdaithe, ionas gur féidir na socruithe cuí a dhéanamh.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCE)

Creidiúnú agus Comhordú Seirbhísí Teagaisc an Bhéarla (CCSTB)

26-27 Lána Denzille
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 905 8185
Láithreán Gréasáin: http://www.acels.ie

An Chomhairle do Mhic Léinn Idirnáisiúnta in Éirinn

41 Bóthar Morehampton
Domhnach Broc
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: (01) 660 5233
Facs: (01) 668 2320

An Roinn Oideachais

Sráid Mhaoilbhríde
Baile Átha Cliath 1
D01 RC96
Éire

Teil: (01) 889 6400

MEI

1 Sráid Pheambróg Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 618 0910
Facs: (01) 618 0909
Láithreán Gréasáin: http://www.mei.ie
R-phost: info@mei.ie

Teil: +44 (0)0 11227276528
Facs: +44 (0)0 11227274415
Láithreán Gréasáin: http://www.iatefl.org

45 Sráid Líosan Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: (01) 662 5991
Facs: (01) 676 5687
Láithreán Gréasáin: http://www.ielt.ie
R-phost: info@ielt.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 26 Eanáir 2022