Téarmaí scoile i mbunscoileanna agus iarbhunscoileanna

Cathain a thosaíonn agus achríochnaíonn an scoilbhliain?

Níl na dátaí do thús agus deireadh na scoilbhliana mar an gcéanna do gach scoil. Is féidir le scoileanna cinneadh a dhéanamh cathain a thosaíonn daltaí ar scoil san fhómhar, agus cathain a chríochnaíonn siad an scoil sa samhradh.

De ghnáth tosaíonn an scoilbhliain sa tseachtain ina dtiteann an 1 Meán Fómhair.

Is gnách go ndúnann iar-bhunscoileanna roimh la saoire poiblí an Mheithimh (an chéad Luan i Meitheamh) mar gheall ar thús na scúduithe Stáit i mí an Mheithimh. Is gnách go ndúnann bunscoileanna sa tseachtain dheireanach de mhí an Mheithimh.

Tá gach scoil dúnta do mhí Iúil agus don chuid is mó de mhí Lúnasa (nó an mhí ar fad).

Laethanta saoire scoile

Gach scoilbhliain, dúnann bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna freisin le haghaidh:

  • Sos lár téarma an fhómhair
  • An Nollaig
  • Sos lár téarma Feabhra
  • An Cháisc

Tá na laethanta saoire seo caighdeánaithe. Socraíonn an Roinn Oideachais na dátaí. Féach ar na dátaí le haghaidh 'Scoilbhliain 2023-2024' thíos.

Ag tús na scoilbhliana, gheobhaidh tú liosta de na laethanta a mbeidh an scoil dúnta i rith na bliana, lena n-áirítear laethanta saoire agus laethanta oiliúna do mhúinteoirí. Má bhíonn dúnadh eile gan choinne, cuirfidh an scoil in iúl duit roimh ré.

Laethanta lánroghnacha

Caithfidh gach scoil a bheith ar oscailt ar feadh íosmhéid laethanta:

  • Bunscoileanna - 183 lá
  • Iar-bhunscoileanna - 167 lá

Is féidir le scoileanna aon laethanta fágtha dá rogha féin a úsáid chun síneadh ama a chur le tréimhse saoire an tsamhraidh nó chun dúnadh ar laethanta saoire reiligiúnacha nó eile.

Ní féidir le scoileanna na laethanta lánroghnacha a úsáid, áfach, chun síneadh ama a chur le sosanna na Nollag, na Cásca nó lár téarma (mura dtiteann lá/laethanta um urramú reiligiúnach ag an am sin do scoileanna de shainchreideamh nó de chreideamh ar leith). Mura bhfuil go leor laethanta lánroghnacha fágtha ag scoil le haghaidh saoire reiligiúnach, féadfaidh sí roghnú gan ranganna a bheith aici ar an lá sin.

Úsáideann roinnt scoileanna a laethanta lánroghnacha chun deireadh seachtainí saoire bainc a shíneadh agus cuireann scoileanna eile síneadh ama le sos saoire bainc na Bealtaine go seachtain iomlán. Ba chóir duit seiceáil le do scoil le haghaidh sonraí faoi na laethanta saoire scoile agus aon dhúnadh eile atá beartaithe.

Scoilbhliain 2023-2024

Scíth lárthéarma Dheireadh Fómhair 2023

Dúnfar gach scoil ón Luan, 30 Deireadh Fómhair 2023 go dtí an Aoine, 3 Samhain 2023.

Nollaig 2023

Dúnfar gach scoil ar an Céadaoin, 22 Nollaig 2023 (an lá deiridh den scoilthéarma). Athosclófar gach scoil ar an Luain, 8 Eanáir 2024.

Scíth lárthéarma na Feabhra 2024

Dúnfar gach bunscoil ar feadh dhá lá an Déardaoin, 15 Feabhra 2024 agus an Aoine, 16 Feabhra 2024. (Cead ag bunscoileanna 3 lá nach bhfuil socrú fúthu a úsáid le scíth 5 lá a thógáil seachas más gá dóibh am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.)

Dúnfar gach scoil iar-bhunoideachais ón Luan, 12 Feabhra 2024 go dtí an Aoine, 16 Feabhra 2024 seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.

Más gá do scoil iar-bhunoideachais am caillte a thabhairt isteach, is féidir an scíth lárthéarma a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin, 14 Feabhra 2024.

Cáisc 2024

Dúnfar gach scoil ar an Aoine, 22 Máirt 2024 an lá deiridh den scoilthéarma seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach. Más gá do scoil an t-am seo a thabhairt isteach, is féidir an scíth a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin, 27 Máirt 2024.

Athosclófar gach scoil ar an Luan, 8 Aibreán 2024.

Scoilbhliain 2024-2025

Scíth lárthéarma Dheireadh Fómhair 2024

Dúnfar gach scoil ón Luan, 28 Deireadh Fómhair 2024 go dtí an Aoine, 1 Samhain 2024.

Nollaig 2024

Dúnfar gach scoil ar an Aoine, 20 Nollaig 2024 (an lá deiridh den scoilthéarma). Athosclófar gach scoil ar an Luain, 6 Eanáir 2025.

Scíth lárthéarma na Feabhra 2025

Dúnfar gach bunscoil ar feadh dhá lá an Déardaoin, 20 Feabhra 2025 agus an Aoine, 21 Feabhra 2025. (Cead ag bunscoileanna 3 lá nach bhfuil socrú fúthu a úsáid le scíth 5 lá a thógáil seachas más gá dóibh am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.)

Dúnfar gach scoil iar-bhunoideachais ón Luan, 17 Feabhra 2025 go dtí an Aoine, 21 Feabhra 2025 seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.

Más gá do scoil iar-bhunoideachais am caillte a thabhairt isteach, is féidir an scíth lárthéarma a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin, 19 Feabhra 2025.

Cáisc 2025

Dúnfar gach scoil ar an Aoine, 11 Áibrean 2025 an lá deiridh den scoilthéarma seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach. Más gá do scoil an t-am seo a thabhairt isteach, is féidir an scíth a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin, 16 Áibrean 2025.

Athosclófar gach scoil ar an Luan, 25 Aibreán 2025.

Scoilbhliain 2025-2026

Scíth lárthéarma Dheireadh Fómhair 2025

Dúnfar gach scoil ón Luan, 27 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an Aoine, 31 Deireadh Fómhair 2025.

Nollaig 2025

Dúnfar gach scoil ar an Aoine, 19 Nollaig 2025 (an lá deiridh den scoilthéarma). Athosclófar gach scoil ar an Luain, 5 Eanáir 2026.

Scíth lárthéarma na Feabhra 2026

Dúnfar gach bunscoil ar feadh dhá lá an Déardaoin, 19 Feabhra 2026 agus an Aoine, 20 Feabhra 2026. Cead ag bunscoileanna 3 lá nach bhfuil socrú fúthu a úsáid le scíth 5 lá a thógáil seachas más gá dóibh am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.

Dúnfar gach scoil iar-bhunoideachais ón Luan, 16 Feabhra 2026 go dtí an Aoine, 20 Feabhra 2026 seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach.

Más gá do scoil iar-bhunoideachais am caillte a thabhairt isteach, is féidir an scíth lárthéarma a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin, 18 Feabhra 2026.

Cáisc 2026

Dúnfar gach scoil ar an Aoine, 27 Márta 2026 an lá deiridh den scoilthéarma seachas más gá dóibh athraigh chun am caillte de bharr dúnta gan coinne a thabhairt isteach. Más gá do scoil an t-am seo a thabhairt isteach, is féidir an scíth a ghiorraigh agus fan oscailte suas go Céadaoin, 1 Áibrean 2026.

Athosclófar gach scoil ar an Luan, 13 Aibreán 2026.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Feabhra 2024