Séanadh

Ginearálta

Tríd an láithreán gréasáin seo, soláthraíonn an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faisnéis maidir le seirbhísí poiblí agus sóisialta.

Rinneadh gach iarracht lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an láithreán gréasáin seo réasúnta cuimsitheach, cruinn agus soiléir.

D’fhéadfadh, áfach, nach bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear ar , nó tríd an láithreán gréasáin seo, go hiomlán cuimsitheach nó cruinn, agus, ar an ábhar sin, cuirtear an fhaisnéis ar fáil ar an mbonn “FAOI MAR ATÁ SÍ” agus “FAOI MAR ATÁ FÁIL UIRTHI”.

Má mheasann tú gur thug tú aon earráid nó easnamh faoi deara, iarrtar ort sinn a chur ar an eolas faoi, trí theagmháil a dhéanamh le admin@citizensinformation.ie. Tá se mar bheartas againn earráidí nó easnaimh a cheartú a luaithe agus a aimsítear go sásúil aon earráid nó easnamh.

Faisnéis Ghinearálta Amháin

Cé go ndéanann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh gach iarracht réasúnta le faisnéis a sholáthar atá chomh cuimsitheach, cruinn agus soiléir agus is féidir, is gnách gur faisnéis ghinearálta a bhíonn san fhaisnéis a sholáthraítear ar an láithreán seo agus tharlódh nach rachadh sí i ngleic le cúinsí duine aonair ar leith.

Cur Síos Simplí

Déanann freagraí ar fhiosrúcháin, agus ábhar na bhfiosrúchán siúd, agus cáipéisí faoi na fiosrúcháin siúd, nó atá ar fáil ón láithreán seo, cur síos ar scéimeanna agus seirbhísí chomh simplí agus is féidir. D’fhéadfadh go mbíonn saincheisteanna lena mbaineann castacht theicniúil (mar shampla, saincheisteanna dlí) i gceist leis na scéimeanna agus seirbhísí seo. Tharlódh nach rachadh an fhaisnéis a sholáthraítear nó an cur síos simplí atá ar fáil ar an láithreán seo, nó tríd an láithreán seo, i ngleic le gach saincheist den sórt sin, ná dul i ngleic leo leis na sonraí leordhóthanacha a oireann do do chuid riachtanais ar leith.

Do Chúinsí ar Leith

Más mian leat a dheimhniú céard í do staid ar leith féin i do chúinsí féin ar leith, nó má tá fiosrúchán agat faoi aon teidlíochtaí nó seirbhísí ar leith a d’fhéadfadh bheith ar fáil duit, b’fhéidir go mbeidh ort an chomhairle chuí ghairmiúil, nó comhairle eile a lorg, agus/nó teagmháil a dhéanamh leis an ngníomhaireacht nó na gníomhaireachtaí áirithe atá freagrach.

Ní Thugtar aon Chomhairle Dlí nó Ghairmiúil Eile

Ní hionann an chomhairle a sholáthraítear ar an suíomh seo agus comhairle dlí nó ghairmiúil d’aon sórt eile, go háirithe, agus níor cheart caitheamh leis an gcomhairle ar an mbealach sin, nó níor cheart brath uirthi nó gníomhú uirthi ina leith sin. Má theastaíonn comhairle dlí nó ghairmiúil eile uait, ba cheart duit dul i gcomhairle le duine a bhain na cáilíochtaí cearta amach.

Faisnéis Amháin

Soláthraíonn an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faisnéis ar scéimeanna agus ar sheirbhísí agus ar an bhfáil atá orthu. Níl siad freagrach as na scéimeanna nó na seirbhísí, ná as an mbealach a oibrítear nó a riartar na scéimeanna nó na seirbhísí siúd de réir an chleachtais.

Tagairtí d’Fhaisnéis/d’Eagraíochtaí Seachtracha

Déanann an láithreán gréasáin tagairt nó nasc le heagraíochtaí nó le láithreáin sheachtracha nach bhfuil aon smacht ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh orthu, amanna, agus ní ghlacann siad aon fhreagracht ina leith. Soláthraítear aon tagairtí nó naisc ar an láithreán gréasáin le heagraíochtaí nó le láithreáin ghréasáin sheachtracha ar mhaithe le háisiúlacht amháin. Níor cheart glacadh leo mar aontú le hábhair na láithreán gréasáin seachtrach nó na n-eagraíochtaí siúd.

D’fhéadfadh ábhar atá faoi úinéireacht tríú páirtí (e.g. ailt, leabharlanna íomhánna, fothaí sonraí nó coimrithe) bheith ar an láithreán gréasáin seo, agus d’fhéadfadh naisc hipirthéacs le láithreáin ghréasáin atá faoi úinéireacht tríú páirtí bheith le sonrú ar an láithreán gréasáin chomh maith. Soláthraímid na hábhair agus na naisc tríú páirtí sin ar mhaithe le cúirtéis a léiriú dár n-úsáideoirí. Soláthraítear naisc ar mhaithe le faisnéis a sholáthar duit amháin. Níl aon smacht againn ar aon láithreáin ghréasáin nó ábhar dá dtagraítear faoi úinéireacht tríú páirtí, a dhéantar a rochtain nó atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo. De réir an mhéid is infheidhme le dlí, ar an ábhar sin, ní thugaimid formhuiniú, urraíocht, moladh agus ní ghlacaimid aon fhreagracht ar aon bhealach eile as na láithreáin ghréasáin nó an t-ábhar tríú páirtí sin, ná as an bhfáil atá ar na láithreáin ghréasáin siúd. Go háirithe, ní ghlacaimid le haon dliteanas a eascraíonn as aon líomhain a thugann le fios go sáraíonn aon ábhar atá faoi úinéireacht tríú páirtí (cibé acu má fhoilsítear é ar an láithreán gréasáin seo nó ar cheann eile), cearta maoine intleachtúla aon duine, nó aon líomhain a eascraíonn ó aon fhaisnéis nó aon tuairim a chuimsítear ar aon láithreán gréasáin nó ábhar tríú páirtí.

Séanadh, Uiríll, Barántaí agus Téarmaí Ginearálta

Sa mhéid a cheadaítear de réir an dlí, ní ghlacann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus an Stát, mar aon lena seirbhísigh nó gníomhairí faoi seach, le haon fhreagracht as, agus ní thugann siad aon ráthaíochtaí, gealltanais nó barántaí maidir le cruinneas, soiléireacht, cuimsitheacht, iomláine, tráthúlacht, oiriúnacht don chuspóir, nádúr cothrom le dáta, iontaofacht, nó rud ar bith eile de chuid na faisnéise a sholáthraítear ar an láithreán gréasáin seo, agus ní ghlacaimid aon dliteanas, dá laghad, maidir le, nó ag éirí as, aon earráidí nó easnaimh nó aon bhrath ar, nó aon úsáid a bhaintear as, an bhfaisnéis sin.

Cé go rabhamar réasúnta cúramach agus an láithreán gréasáin seo á chur i dtoll a chéile againn, sa mhéid a cheadaítear de réir an dlí, ní ghlacaimid le haon fhreagracht as aon chaillteanas nó aon díobháil a mhaítear a d’eascair ó aon bhrath ar, nó aon ghníomh a rinne aon duine nó aon eagraíocht, pé áit a bhfuil siad bunaithe, mar thoradh díreach nó eile, ar fhaisnéis a chuimsítear, nó ar fuarthas rochtain uirthi, tríd an láithreán gréasáin seo, cibé acu má sholáthraíonn sinne nó tríú páirtí an fhaisnéis sin.

Bonn na hÚsáide

Tríd an láithreán gréasáin seo a úsáid, aontaíonn tú go bhfuil úsáid na faisnéise a chuimsítear nó a íoslódáiltear ón láithreán gréasáin seo nó tríd, faoi do lánrogha agus do riosca féin.

Aistriúcháin

Ní ghlacann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh aon fhreagracht as cruinneas na n-aistriúchán a sholáthraítear ar an láithreán gréasáin.

Teidil agus Fotheidil

Ar mhaithe le héascaíocht ghinearálta na léitheoireachta agus na nascleanúna amháin iad na teidil agus na fotheidil a úsáidtear, agus ní dhéanann siad aon difear don ábhar nó don chiall a bhaintear as an téacs ar aon bhealach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Lúnasa 2013