Uacht a dhéanamh

Réamhrá

Is éard is uacht ann ná scríbhinn ina leagtar amach cad ba mhaith leat a tharlú do do chuid sealúchais tar éis duit bás a fháil. Caithfidh an uacht a bheith sínithe agus fíoraithe.

Nuair a fhaigheann tú bás, tugtar do ‘eastát’ ar do chuid sealúchais. Is éard is ‘tiomnóir’ ann ná an duine a scríobhann an uacht. Má fhaigheann tú bás gan uacht a bheith déanta agat, gheobhaidh tú bás ‘díthiomnach’.

Is féidir leat léamh faoi na hábhair seo freisin:

Ag seo, tá faisnéis ar fáil duit faoi conas uacht bhailí a dhéanamh, faoi na rudaí gur cheart duit iad a chur san áireamh agus d’uacht á scríobh agat, agus faoi cad a tharlaíonn má fhaigheann tú bás gan uacht a bheith déanta agat.

Cúiseanna le huacht a dhéanamh

Ní éilítear ort uacht a dhéanamh. Má fhaigheann tú bás gan uacht a bheith déantar agat, déanfar d’eastát a leithdháileadh de réir dhlí an chomharbais. Ciallaíonn sé seo go ndéanfar d’eastát a leithdháileadh idir na gaolta agat a mhaireann de réir mar atá leagtha amach sa dlí. Mínítear an tslí a n-oibríonn sé sin faoin gceannteideal ‘Cad a tharlaíonn sa chás go bhfaighim bás gan uacht déanta agam’ thíos.

Más mian leat cumhacht a bheith agat faoi cé a gheobhaidh d’Eastát go léir nó cuid de, ba cheart duit uacht a dhéanamh. Is féidir liosta nuashonraithe de na rudaí atá agat a líonadh isteach agus a choinneáil. Is féidir leat foirm a úsáid, leithéidí an ceann atá curtha ar fáil againne, An áit a bhfuil mo chuid sealúchais coimeádta. Beidh sé níos éasca do chuid sealúchais a aithint agus a aimsiú tar éis duit bás a fháil dá bharr. Ba cheart duit an liosta a choinneáil in áit shábháilte.

Conas a dhéantar uacht?

Is féidir uacht a scríobh tú féin, nó aturnae a fháil chun é a scríobh duit. Níl aon chostas socraithe d’aturnae chun uacht a dhréachtú, agus is féidir leat luachanna ar phraghsanna a fháil ar shuíomh gréasáin aturnae nó trí ghlaoch a chur ar a n-oifigí. D’fhéadfá a bheith in ann airgead a shábháil ach cuardach a dhéanamh ar phraghas maith.

Is féidir comhairle a fháil ó aturnae maidir le d’uacht agus is féidir leis cinnte a dhéanamh de go bhfuil d’uacht bhailí ó thaobh an dlí de. Má scríobhann tú d’uacht duit féin, ba cheart duit cinnte a dhéanamh de go bhfuil sí bailí. Ní féidir leis a bheith bailí gan na coinníollacha ag seo a leanas a shásamh:

  • Tá an uacht déanta i scríbhinn
  • Tá tú os cionn 18
  • Tá tú slán i do mheabhair
  • Déantar do shíniú nó do mharc a chur leis an uacht, é sin nó dearbhaíonn tú go ndearna tú é a chur léi i láthair beirt fhinnéithe, agus an bheirt acu i láthair ag an am céanna más féidir (ní gá do na finnéithe ábhar na huachta a fheiceáil).
  • Déanann an bheirt fhinnéithe agat an uacht a shíniú i do láthair
  • Déanann an bheirt fhinnéithe d’uacht a shíniú os do chomhair
  • Téann an síniú nó an marc ag deireadh na huachta

Níl tabhartais a fhágtar le finné nó lena chéile nó lena pháirtí sibhialta bailí.

Más mian leat d’uacht a leasú tar éis duit í a dhéanamh, is féidir codaisíl (leasú nó athrú) a chur léi; caithfidh an chodaisíl sin na ceanglais chéanna atá leagtha amach thuas a chomhlíonadh. Is féidir leat níos mó a léamh faoi seo faoin gceannteideal ‘D’uacht a athrú nó a chúlghairm’ thíos.

Cad ba cheart a bheith áirithe san uacht agam?

Níl formáid réamhshocraithe ann gur chóir d’uacht cloí leis. Tá sé tábhachtach, fós féin, go bhfuil an méid seo a leanas áirithe san uacht:

  • D'ainm agus do sheoladh.
  • Ráiteas ina luaitear go ndéanann tú gach uacht nó codaisíleacha atá déanta agat roimhe sin a chúlghairm nó a dhíbirt.
  • Duine amháin nó níos mó a cheapadh mar sheiceadóir, is é sin le rá daoine a dhéanfaidh do mhianta atá luaite san uacht agat a chur i gcrích tar éis duit bás a fháil, mar aon lena n-ainmneacha agus a seoltaí.
  • Ba chóir go mbeadh dáta agus síniú curtha le d’uacht, agat féin agus ag do fhinnéithe chomh maith. Tugtar clásal fianaithe ar an ráiteas seo.

Clásail Iarmharacha

Is éard is clásal iarmharach ná mír i d’uacht ina bhfuil leagtha amach ann an tslí gur chóir don mhaoin sin nach ndéileáiltear go sainráite léi san uacht a dháileadh. Is féidir cuid de d’eastát a fhágáil le duine éigin, ach d’fhéadfaí a fháil ina dhiaidh sin go raibh an tabhartas sin (ar a dtugtar tiomnacht, uaireanta) neamhbhailí. Nuair a tharlaíonn sé sin, bíonn an chuid sin d’eastát mar chuid d’iarmhar d’eastáit, mar aon le rudaí eile nach luaitear go sonrach san uacht.

D’fhéadfadh sé a bheith luaite sa chlásal iarmharach gur chóir aon rud nach bhfuil sainaitheanta san uacht a thabhairt do dhuine ar leith

Ag síniú d’uacht

Caithfidh tú d’uacht a shíniú i bhfianaise 2 fhinné. Caithfidh siad an uacht a shíniú chun tiomantas (fianú) a thabhairt gur shínigh tú an uacht.

Más rud é nach bhfuil tú in ann d’uacht a shíniú toisc nach bhfuil tú in ann scríobh, is féidir marc a chur leis gur cheart dó a bheith fianaithe díreach mar ba chóir i gcás sínithe.

Má tá tú faoi mhíchumas coirp agus nach bhfuil tú in ann d’uacht a shíniú nó a mharcáil dá bharr, is féidir leat gníomhaire nó d’ionadaí a threorú chun d’uacht a shíniú ar do shon. Caithfidh do ghníomhaire an uacht a shíniú i do láthair agus de réir do threorach, agus caithfidh an bheirt fhinnéithe a bheith i láthair.

Cad atá i gceist nuair a deirtear go bhfuil duine ‘slán ina mheabhair’?

D’fhonn uacht bhailí a dhéanamh, ní foláir duit, de réir mar a thuigtear sa dlí é, an cumas meabhrach chun amhlaidh a dhéanamh a bheith agat. Sa chás sin, caithfidh tú tuiscint a bheith agat faoi cad atá á dhéanamh agat agus caithfidh tú a bheith inniúil chun an cinneadh sin a dhéanamh freisin. Má tá riocht míochaine ort a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar do chumas tuiscint a fháil agus cinntí a dhéanamh faoi na rudaí ba cheart duit a áireamh i d’uacht, ba cheart duit iarraidh ar do dhochtúir nó ar speisialtóir dearbhú a thabhairt go bhfuil tú in ann uacht a dhéanamh.

Mar shampla, más rud é go raibh an meabhairghalar ort roimhe, nó más rud é go bhfuil céim luath de riocht éigin ort a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar do chumas chun smaoinimh nó chun tuiscint (an néaltrú, mar shampla), ba cheart duit iarraidh ar do dhochtúir nó ar speisialtóir a dheimhniú go bhfuil an cumas meabhrach agat uacht a dhéanamh ag an am sin.

Tionchar Míchuí

Nuair a deirtear go bhfuil duine ag gníomhú faoi thionchar míchuí, is ionann sin is le rá go bhfuil sé nó sí ag gníomhú faoi bhrú atá curtha air nó uirthi ag duine eile nó ag daoine eile. Is féidir dúshlán a thabhairt d’uacht ar an mbonn go raibh tú ag gníomhú faoi éigeantas tráth a ndearna tú é agus nach léirítear an rud a bhí á iarraidh agat, i ndáiríre.

Mar shampla, más mian leat cuid de d’eastát a fhágáil le haturnae, is fearr d’uacht a scríobh le haturnae éagsúil leisean. Mura dhéanfaí amhlaidh, féadfar a mhaíomh gur chuir an t-aturnae tú faoi bhrú chun rud éigin a fhágáil dóibh.

Forálacha do do chéile, do do pháirtí agus do do chleithiúnaithe

Tá ceart ag do chéile nó do pháirtí sibhialta le ‘sciar cearta dlíthiúil’ den eastát agat. Is é sin le rá go bhfuil siad i dteideal buntáiste a fháil as d’uacht, fiú sa chás nach bhfuil aon soláthar déanta agat dó nó di i d’uacht. Féadfar teidlíochtaí a bheith ag do leanaí freisin. D’fhéadfadh sé tarlú chomh maith go mbeadh páirtí agat (nach raibh tú pósta le nó i gcomhpháirtíocht shibhialta leis nó léi) in ann sciar de d’eastát a éileamh.

Is féidir níos mó a léamh faoin sciar cearta dlíthiúil do chéilí agus do pháirtnéirí sibhialta.

Maoin i dtíortha eachtracha

Má tá maoin agat in aon tír eile, ba cheart duit uacht a dhéanamh i ngach aon cheann de na tíortha sin mar gheall ar dhifríochtaí a d’fhéadfadh a bheith sa dlí comharbais sna tíortha sin.

De réir Rialachán AE 650/2012 maidir le hábhair chomharbais (an Bhruiséil IV), is féidir leat a ordú i d’uacht gur cheart go mbeadh feidsa Danmhairgi do thír féin maidir leis an maoin i dtaca le haon mhaoin atá agat i mballstát eile den AE, seachas sa Dhanmhairg.

D’uacht a leasú nó a chúlghairm

Más mian leat d’uacht a leasú, caithfidh tú féin agus d’fhinnéithe d’uacht a shíniú, é sin nó bhur n-inisil a chur ar imeall an leathanaigh in aice leis na hathruithe. Féadfaidh tú d’uacht a athrú le meamram freisin, nó le nóta i scríbhinn atá sínithe agat féin agus ag d’fhinnéithe agus a thagraíonn go soiléir do na hathruithe.

Chun d’uacht a athrú, is féidir leat cáipéis ar leith a dhéanamh, ar a dtugtar codaisíl, atá cosúil le nuashonrú a chuirtear le deireadh d’uachta. Ba cheart go leagfar amach sa cháipéis sin, nach mór di a bheith sínithe agat féin agus ag d’fhinnéithe chomh maith, na hathruithe is mian leat a chur le d’uacht. Leis sin, beidh na hathruithe sin ceangailteach ó thaobh dlí.

Má tá sé ar intinn agat go leor athruithe a dhéanamh ar d’uacht b’fhéidir go mbeadh sé níos éasca d’uacht reatha a chúlghairm nó a chealú, ach ceann nua a dhéanamh. Ní féidir é sin a cheistiú seachas amháin más rud é go bhfuil ceist ann faoi d’inniúlacht mheabhrach ag an am ar chúlghairm tú d’uacht.

Tá cásanna áirithe ann ina gcúlghairtear d’uacht go huathoibríoch:

  • Má phósann tú nó má théann tú isteach i bpáirtnéireacht shibhialta, cúlghairtear d’uacht, seachas amháin sa chás go bhfuil sé soiléir go raibh sé ar intinn agat pósadh nó dul isteach sa pháirtnéireacht tráth a ndearna tú an uacht is deireanaí Nuair a dhéanann tú uacht eile, cúlghairtear an chéad uacht a bhí déanta agat.
  • Má dhéanann tú scríbhinn a dhréachtú a bhforgníomhaítear í de réir na gceanglas a ghabhann le huachtanna, déanfar do chéad uacht a chúlghairm.
  • Má dhéanann tú d’uacht a dhó, a stróiceadh nó a scriosadh, ní mheasfar í a bheith bailí a thuilleadh. Nó, má scriosann duine éigin eile í, cúlghairfear d’uacht, ar choinníoll go ndearnadh é sin i do láthair, le do thoiliú, agus é ar intinn agat d’uacht a chúlghairm.

Cad a tharlaíonn sa chás go bhfaighim bás gan uacht déanta agam?

Má fhaigheann tú bás gan uacht a bheith déanta agat, déantar d’eastát a leithdháileadh de réir dhlí an chomharbais.

Tarlaíonn sé sin freisin:

  • Nuair nach bhfuil an uacht bhailí toisc nach ndearnadh i gceart í
  • Nuair a éiríonn le dúshlán dlíthiúil ar tugadh maidir le bailíocht na huachta

Tá feidhm ag dlí an chomharbais i leith sócmhainní nach gcumhdaítear le huacht iad freisin, sa chás nach bhfuil clásal iarmharach ann, cuir i gcás

Tá an t-ord ina ndéantar d’eastát a leithdháileadh sna cásanna seo leagtha amach san Acht Comharbais, 1965.

Má tá duine de na daoine atá luaite ag seo a leanas a mhaireann tar éis duit bás a fháil:

  • Céile nó páirtí sibhialta, ach gan aon leanaí (nó garpháistí) a bheith ann: faigheann do chéile nó do pháirtí sibhialta an t-eastát iomlán.
  • Céile nó páirtí sibhialta agus leanaí ann: faigheann do chéile/pháirtí sibhialta dhá thrian de d’eastát agus roinntear an trian eile go cothrom idir do leanaí. Sa chás go bhfuair duine de do leanaí bás, téann an sciar sin chuig a chuid leanaí nó chuig a cuid leanaí.
  • Leanaí agat, ach gan céile ná páirtí sibhialta a bheith ann: roinntear d’eastát go cothrom idir do leanaí (nó idir a leanaísean).
  • Tuismitheoirí agat, ach gan aon chéile, páirtí sibhialta nó leanaí a bheith ann: roinntear d’eastát go cothrom idir do thuismitheoirí, nó tugtar é ina iomláine d’aon thuismitheoir amháin sa chás nach bhfuil ach duine díobh atá fós ina bheo.
  • Gan ach deartháireacha agus deirfiúracha a bheith ann: roinntear d’eastát go cothrom eatarthu, agus sa chás go bhfuil deartháir nó deirfiúr agat nach maireann, téann a sciarsan lena chuid leanaí nó lena cuid leanaí féin.
  • Gan ach neachtanna agus nianna a bheith ann: roinntear d’eastát go cothrom eatarthu siúd díobh a mhaireann.
  • Gan ach gaolta eile a bheith ann: roinntear d’eastát go cothrom idir na gaolta is gaire leat go cothrom.
  • Gan gaolta ar bith a bheith ann: téann d’eastát chuig an Stát.

An féidir liom mo chuid sealúchais a leithdháileadh sula bhfaighim bás?

Is féidir do mhaoin a leithdháileadh sula bhfaigheann tú bás, ach ba cheart duit smaoineamh ar na tosca seo a leanas:

  • Ciallaíonn na rialacha maidir leis an gCáin Fáltas Caipitiúil (CAT) gurbh fhéidir sé a tharlú go mbeadh ar an duine a bhfuil do chuid maoine á dtabhairt agat dó cáin a íoc. Féadfar CAT a bheith gearrtha ar oidhreacht freisin.
  • Má chinneann cúirt go ndearna tú maoin a leithdháileadh sula bhfuair tú bás agus é ar intinn agat sciar cearta dlíthiúil do chéile, do pháirtí shibhialta nó cearta aon linbh agat a laghdú go héagórach, féadfar iallach a chur ar an duine a fuair an oidhreacht í a íoc ar ais leis an eastát.

Fadhbanna agus díospóidí coitianta a ghabhann le huachtanna

Nuair a dhéanann tú d’uacht, ba cheart duit smaoineamh ar roinnt fadhbanna coitianta a tharlaíonn agus a fhágtar dá bharr nach bhfuil tabhartais a dhéantar in uacht bhailí.

  • D’fhéadfadh sé tarlú go bhfuil an seilbh ar mhaith leat a fhágáil do dhuine caillte nó nach mbeadh sé ann a thuilleadh, tráth do bháis.
  • Tá mearbhall ann faoi chéannacht an tairbhí. Mar shampla, fágann tú tabhartas le do chol ceathrar, Jim, agus tá níos mó ná aon chol ceathrar amháin agat darb ainm Jim.
  • Mura sainaithnítear an tabhartas go soiléir i d’uacht nó mura gcloíonn sé leis an gcur síos atá déanta air san uacht.
  • Má fhágann tú tabhartas do dhuine atá ina fhinné ar d’uacht, beidh an tabhartas sin neamhbhailí.

Comhchuntais bhainc

Sa chás go bhfuil comhchuntas bainc agat le do chéile, do pháirtí sibhialta nó do leanbh, is gnách go mbíonn sealbhóir an chuntais a mhaireann i dteideal an t-airgead atá sa chuntas nuair a fhaigheann tú bás, go huile is go hiomlán.

Má osclaíonn tú comhchuntas bainc le gaol nó le cara ionas gur féidir leo cabhrú leat d’airgead a bhainistiú agus nach bhfuil sé ar intinn agat an t-airgead sin a bheith mar chuid de shealúchas an duine sin tar éis duit bás a fháil, ba cheart duit é sin a bheith luaite go breá soiléir agus an cuntas á oscailt agat.

Díospóidí faoi uachtanna

Ní dhéantar díospóid faoi fhormhór na n-uachtanna, ach má bhíonn easaontas ann, ní féidir é a réiteach ach amháin sa chúirt. Déanfaidh an chúirt éifeacht mhianta an tiomnóra a chur i bhfeidhm de réir mar a chuirtear in iúl iad san uacht, más féidir.

Tugtar le fios cad is mianta an tiomnóra ón uacht a léamh ina iomláine, agus glactar le gnáthchiall na bhfocal agus na bhfrásaí atá ann seachas amháin más focail theicniúla iad agus gur féidir glacadh leis go raibh sé i gceist ag an tiomnóir iad a chur síos de réir a gciall theicniúil.

Féadfar fianaise lasmuigh den uacht, dála litreacha nó nótaí a thagraíonn don uacht roimh di a bheith déanta, a thabhairt isteach sa chúirt chun intinn an tiomnóra a léiriú níos iomláine agus chun cabhrú le fíor-bhrí na huachta a fháil amach.

Toisc gur féidir díospóid a dhéanamh faoi uachtanna, tá sé tábhachtach go scríobhann tú d’uacht i dteanga shimplí dhíreach. Ba cheart ráitis a bhféadfadh níos mó ná aon bhrí amháin a bheith acu a sheachaint.

Cé a bheidh in ann m’uacht a léamh tar éis dom bás a fháil?

Is cáipéis phoiblí í uacht an duine tar éis probháid a bheith faighte i dtaca le léi, agus is féidir le haon duine ar bith cóip den uacht agus den deonú probháide a fháil ón Oifig Phrobháide nó ón gClárlann Probháide Ceantair ábhartha trí Fhoirm PAS1 (doc) a úsáid. Is éard is probháid ná an próiseas chun údarú a fháil chun ionadaíocht a dhéanamh ort agus na mianta atá leagtha amach i d’uacht a chur i gcrích.

Leagtar amach sa deontas ainm agus seoladh sheiceadóir nó riarthóir an eastáit chomh maith le hainm an aturnae atá ag gníomhú thar a cheannsan (más ann). Leagtar amach ann luach comhlán agus glanluach an eastáit araon, freisin.

De ghnáth, ní bhíonn faisnéis mhionsonraithe faoin eastát ar fáil don phobal, ach, mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh daoine áirithe in ann an Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre nó an Fhoirm Ráiteas Gnóthaí (Probháid) SA.2 a iniúchadh, agus tá an fhaisnéis mhionsonraithe le fáil iontu siúd. Ina measc siúd, áirítear:

  • Tairbhí atá ainmnithe san uacht
  • Duine éigin atá i dteideal sciar den eastát
  • Leanbh atá i dteideal imeachtaí a thionscnamh i gcoinne an eastáit faoi Alt 117 an Achta Chomharbais, 1965

Tá faisnéis faoi conas cóip d’uacht a fháil le fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna agus sna nótaí faisnéise a ghabhann le Foirm PAS1 freisin.

Seolann an Oifig Phrobháide cóipeanna den uacht, den Deontas Ionadaíochta agus den Mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre chuig na Coimisinéirí Ioncaim.

Tuilleadh faisnéise agus teagmhálacha

An Oifig Phrobháide

Rannóg na nIarratas Pearsanta

An Chéad Urlár

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh

Margadh na Feirme

Baile Átha Cliath 7

Éire

Fón: +353 (0) 1 888 6174 nó +353 (0) 1 888 6728

Láithreán Baile: http://www.courts.ie/

Ríomhphost: ProbatePersonalApplications@courts.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 Lúnasa 2022