Do chearta agus tú ag taisteal ar an traein

Cad iad na cearta atá agam agus mé ag taisteal ar an traein?

Bíonn cearta paisinéirí ag daoine nuair a thaistealaíonn siad ar fhormhór na dtraenacha san AE.

Cumhdaíonn siad seo moilleanna, cealuithe, bagáiste caillte agus gortú.

Ní mór d’oibreoirí taistil:

  • Eolas a thabhairt duit faoi do chearta agus faoin gcúnamh a bhfuil tú i dteideal a fháil
  • Caitheamh leat féin agus le paisinéirí eile go cothrom agus go comhionann
  • Saincheisteanna a bhaineann le moilleanna nó cealuithe a réiteach

Áirítear ar oibreoirí taistil cuideachtaí iompair (a ritheann traenacha) agus cuideachtaí a oibríonn críochfoirt amhail stáisiúin traenach.

Seirbhísí taistil a chumhdaítear

Tá cearta áirithe agat faoi rialacha an AE agus tú ag taisteal ar an traein laistigh den AE.

Má tá tú ag taisteal ar an traein in Éirinn, tá a Chairt Custaiméirí féin ag Iarnród Éireann. Leagtar amach sa chairt na caighdeáin seirbhíse ar chóir duit a bheith ag súil leo agus déileálann sé le saincheisteanna mar aisíocaíochtaí ticéad, íocaíochtaí cúitimh agus nósanna imeachta gearán.

Rialacha maidir le seirbhísí traenach in Éirinn agus san AE

Nuair a bhíonn tú ag taisteal ar thraein in Éirinn agus i dtíortha eile an AE, ní mór do chuideachta traenach rudaí seo a leanas a chinntiú:

  • Go bhfuil sé éasca duit ticéid a cheannach
  • Do shábháilteacht phearsanta i stáisiúin traenach agus ar thraenacha
  • Cúiteamh a chur ar fáil má tá sé freagrach as do bhagáiste a chailleadh nó as dochar a dhéanamh dó
  • Cúiteamh a thabhairt má fhaigheann tú bás nó má ghortaítear tú i dtimpiste thraenach
  • Faisnéis a chur ar fáil faoi inrochtaineacht seirbhísí iarnróid – féach ‘Tacaíochtaí do phaisinéirí faoi mhíchumas agus faoi mhíchumas beagluaineachta’ thíos
  • Gan idirdhealú a dhéanamh i gcoinne paisinéirí faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas beagluaineachta

Rialacha éigeantacha an AE maidir le seirbhísí iarnróid

Tá rialacha breise AE ann chun paisinéirí a úsáideann seirbhísí idirnáisiúnta iarnróid a chosaint (mar shampla, seirbhísí ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste). Cé nach bhfuil na rialacha seo go léir éigeantach, tá cuid acu, rud a chiallaíonn go gcaithfidh cuideachtaí traenach iad a leanúint.

Rialacha maidir le ticéid

Caithfidh ticéid a bheith ar fáil ó cheann amháin ar a laghad de na pointí díolacháin seo:

  • Oifigí ticéid nó meaisíní ticéad ag príomhstáisiúin traenach
  • Fón, idirlíon nó aon teicneolaíocht faisnéise eile atá ar fáil go forleathan
  • Ar bord traenacha

Mura bhfuil oifig ticéad nó meaisín ticéad ag stáisiún, ba chóir go mbeadh fógra ann le cur in iúl duit cén áit agus conas ticéid a cheannach.

Rialacha maidir le bagáiste

Ní mór do chuideachtaí traenach rialacha a leanúint freisin a chumhdaíonn a bhfreagracht (dliteanas) i leith paisinéirí agus bagáiste (féach ‘Gortaíodh i dtimpiste thraenach tu’ agus ‘Cailleadh nó rinneadh damáiste do do bhagáiste’).

Rialacha neamhéigeantacha an AE maidir le seirbhísí iarnróid

Níl roinnt rialacha eile de chuid an AE éigeantach, rud a chiallaíonn gur féidir le Ballstáit an AE cinneadh a dhéanamh cuid dá seirbhísí traenach a eisiamh ó na rialacha.

D’fhéadfadh feidhm a bheith aige seo maidir le seirbhísí traenach intíre áitiúla, comaitéireachta agus idirchathrach, chomh maith le traenacha idirnáisiúnta a thosaíonn nó a chríochnaíonn a dturas lasmuigh den AE.

Ina measc seo tá rialacha maidir le:

  • Eolas taistil
  • Cealuithe agus moilleanna (féach ‘Cealuithe agus moilleanna’ thíos).

Eolas taistil (i bhfeidhm in Éirinn)

Nuair a cheannaíonn tú ticéad, ní mór go dtugtar eolas soiléir duit faoi:

  • Coinníollacha ginearálta a bhaineann leis an turas
  • Amchláir agus coinníollacha maidir leis na táillí is ísle agus na turais is tapúla
  • Rud ar bith ar dóigh dó seirbhísí a chur ar ceal nó a mhoilliú
  • Na seirbhísí atá ar fáil ar bord
  • Conas éileamh a dhéanamh ar bhagáiste caillte agus conas gearán a dhéanamh

Le linn an turais, ní mór go dtugtar eolas soiléir duit faoi:

  • Seirbhísí ar bord
  • An chéad stáisiún eile
  • Saincheisteanna slándála agus sábháilteachta
  • Nascsheirbhísí
  • Moilleanna agus cealuithe i bhfíor-am
  • Do chearta má tharlaíonn moilleanna nó cealuithe

Cealuithe agus moilleanna (i bhfeidhm in Éirinn)

Má chuirtear moill ar d’imeacht nó má chuirtear ar ceal é, tá tú i dteideal:

  • Eolas
  • Aisíocaíocht nó atreorú
  • Cúram agus cúnamh
  • Cúiteamh (féach ‘Éileamh a dhéanamh ar chúiteamh’ thíos)

Eolas

Le linn do thurais, caithfidh an comhlacht traenach tú a chur ar an eolas má táthar ag súil le moill ar bith. Má chuirtear moill ar do thraein nó má chuirtear ar ceal í, caithfidh siad eolas fíor-ama a thabhairt duit chomh maith, mar aon le heolas faoi do chearta (nuair is gá).

Aisíocaíocht nó atreorú

Má chuirtear do thuras ar ceal nó má mheastar go mbeidh moill uair an chloig amháin ar a laghad air, ba cheart rogha a thairiscint duit idir:

Aisíocaíocht a fháil

  • Is féidir leat aisíocaíocht a fháil ar chostas iomlán an ticéid do na codanna den turas nach bhfuil déanta agat. Is féidir leat aisíocaíocht a fháil freisin do na codanna den turas atá déanta agat cheana féin (mura bhfuil tú chun leanúint ar aghaidh chuig do cheann scríbe). Is féidir ticéad saor in aisce a fháil freisin chun tú a thabhairt ar ais go dtí do chéad phointe imeachta, chomh luath agus is féidir.

Leanúint ar aghaidh le do thuras mar a bhí beartaithe, nó atreorú

  • • Is féidir leanúint ar aghaidh nó atreorú a dhéanamh faoi choinníollacha iompair comhchosúla chuig do cheann scríbe a luaithe is féidir, nó ar dháta níos áisiúla níos déanaí. (Ciallaíonn coinníollacha iompair comhchosúla, mar shampla, go bhfuil seirbhís traenach eile ar fáil nó go gcuirtear nasc bus ar fáil duit).

Cúram agus cúnamh

Más cosúil go mbeidh do thraein níos mó ná 60 nóiméad déanach, caithfidh an comhlacht traenach ‘cúram agus cúnamh’ a sholáthar saor in aisce. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh:

  • Béilí agus sólaistí (mar shampla, tae, caife agus deochanna neamh-mheisciúla) atá oiriúnach don am feithimh, má tá siad ar fáil ar an traein nó sa stáisiún
  • Lóistín, agus iompar idir an stáisiún agus an lóistín, nuair is gá fanacht níos faide ná oíche amháin.
  • Socruithe taistil eile

Eisceachtaí nuair nach dtabharfar cúiteamh duit

Níl aon cheart agat ar aisíocaíocht nó cúiteamh ar bith má cuireadh an mhoill in iúl duit sular cheannaigh tú do thicéad, nó más rud é go mbaineann an mhoill le cúinsí nach bhfuil faoi smacht na cuideachta traenach.

Tacaíochtaí do phaisinéirí faoi mhíchumas agus faoi mhíchumas beagluaineachta

Má tá tú faoi mhíchumas agus faoi mhíchumas beagluaineachta, tá cearta ar leith agat agus tú ag taisteal ar an traein.

Tá an ceart agat:

  • Go gcaitear go cothrom agus go comhionann leat
  • Eolas a fháil faoi do chearta agus faoi inrochtaineacht na seirbhíse
  • Cúnamh a fháil má tá sé de dhíth ort

Tá na cearta breise seo a leanas agat freisin:

Do cheart rochtana, agus ticéad a fháil

Tá sé de cheart agat ticéad a fháil, suíochán a chur in áirithe agus seirbhísí iompair a úsáid ar an mbealach céanna le paisinéirí eile. Níor cheart go ndéanfaí idirdhealú i do leith nó go ngearrfaí táille bhreise ort.

Ní féidir taisteal a dhiúltú duit ach amháin mura féidir an tseirbhís a sholáthar go sábháilte. Mar shampla, mar gheall ar leagan amach na traenach, na pointí bordála, nó an cineál suíocháin nó racaí bagáiste.

I bhformhór na gcásanna, má dhiúltaíonn an comhlacht traenach ticéad nó áirithint duit, nó má éilíonn siad go dtabharfaidh tú cúntóir leat, caithfidh siad an chúis a bhaineann leis sin a insint duit láithreach. Má lorgaíonn tú deimhniú i scríbhinn, ní mór dóibh é a sheoladh chugat laistigh de 5 lá oibre.

Do cheart chun cúnaimh

Is éard atá i gceist le cúnamh ná cúnamh breise toisc go bhfuil tú faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas beagluaineachta. Caithfidh tú a rá leis an gcomhlacht traenach sula dtaistealaíonn tú cén cúnamh a bheidh de dhíth ort. Ba cheart don chomhlacht traenach an cúnamh a thabhairt saor in aisce ansin.

Tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

  • Ní mór duit fógra 48 uair an chloig ar a laghad a thabhairt sula dtaistealaíonn tú. Lorgaíonn Iarnród Éireann fógra 24 uair an chloig.
  • Caithfidh tú an stáisiún a shroicheadh ag an am atá luaite. Ní féidir leis an gcomhlacht traenach a rá leat teacht níos mó ná uair an chloig roimh an am imeachta nó roimh an am seiceála isteach.
  • Mura dtugann siad am sroichte ar leith duit, ba cheart duit teacht 30 nóiméad roimh an am imeachta.

Is féidir leat aisíocaíocht nó atreorú a fháil má tá ticéad nó áirithint agat agus:

  • D'inis tú don chomhlacht traenach faoi do shainriachtanais
  • Níl cead agat taisteal mar gheall ar do mhíchumas nó do mhíchumas beagluaineachta

Tá do threalamh soghluaisteachta caillte nó damáiste

Má chailltear nó má dhéantar damáiste do do threalamh soghluaisteachta (nó do threalamh eile) le linn do thurais agus má tá an locht ar an gcomhlacht traenach, tá tú i dteideal cúitimh.

Tá tuilleadh eolais ag Your Europe faoi chearta taistealaithe atá faoi mhíchumas beagluaineachta. Cuireann Iarnród Éireann eolas ar fáil freisin maidir le hinrochtaineacht iarnróid, chomh maith le treoir do phaisinéirí iarnróid faoi mhíchumas (pdf).

Gortaíodh i dtimpiste thraenach tú

Má ghortaítear i dtimpiste thraenach tú agus go bhfuil an comhlacht traenach freagrach, tá tú féin agus do chleithiúnaithe i dteideal cúitimh. Tá sé de cheart agat íocaíocht a fháil roimh ré laistigh de 15 lá ón eachtra chun do riachtanais láithreacha a chlúdach. Tá sé seo i gceist má tharla an timpiste agus tú ar an traein nó nuair a bhí tú ag dul ar bord nó ag fágáil na traenach.

Cailleadh nó rinneadh damáiste do do bhagáiste

Má chailltear nó má dhéantar damáiste do do bhagáiste, agus má tá an comhlacht traenach freagrach, tá tú i dteideal:

  • Cúiteamh suas le €1,400 as bagáiste láimhe damáistithe nó caillte, ainmhithe san áireamh
  • Cúiteamh idir €300 agus €1,200 in aghaidh an phíosa bagáiste má chailltear nó má dhéantar damáiste do bhagáiste cláraithe. Is fíor sin ach amháin más rud é gur tharla an cailleadh nó an damáiste mar thoradh ar imthosca nach raibh smacht ag an gcomhlacht traenach orthu. (Is éard atá i mbagáiste cláraithe ná bagáiste breise, trom nó rómhór a chuirtear i limistéar ainmnithe den traein). Meastar bagáiste cláraithe a bheith caillte nuair nach bhfuil sé seachadta laistigh de 14 lá ón dáta seachadta sceidealaithe.

Éileamh a dhéanamh ar chúiteamh

Má tá moill curtha ar do thuras agus má roghnaíonn tú leanúint ar aghaidh le do thuras mar a bhí beartaithe, nó glacadh le hatreorú chuig do cheann scríbe, d’fhéadfá fós a bheith i dteideal cúitimh:

 
Cúiteamh mar % de phraghas an ticéid Fad na moille
25% Idir 1 uair an chloig agus 2 uair an chloig
50% Níos mó ná 2 uair an chloig

Gearán a dhéanamh

Mura bhfuil tú sásta leis an gcaoi ar dhéileáil comhlacht traenach le saincheist, ba cheart duit gearán a dhéanamh leo go díreach.

Déan teagmháil leis an gcomhlacht traenach le fáil amach go beacht conas gearán a dhéanamh leo.

Lean a gcuid treoracha chun gearán a dhéanamh. Ní mór duit an gearán a dhéanamh laistigh de 2 mhí de dháta na heachtra. Ní mór duit freagra a fháil laistigh de mhí amháin, ag cur in iúl duit cé acu ar glacadh nó ar diúltaíodh don ghearán nó an bhfuil sé fós á mheas.

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra, féadfaidh tú do ghearán a chur faoi bhráid an Údaráis Náisiúnta Iompair.

Tuilleadh eolais

An dlí a chumhdaíonn cearta paisinéirí iarnróid

Tá an dlí a chumhdaíonn cearta paisinéirí iarnróid leagtha amach i Rialachán (CE) 1371/2007, a tugadh isteach i reachtaíocht na hÉireann ag Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cearta agus Oibleagáidí Paisinéirí Iarnróid) 2010 (pdf).

an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as reachtaíocht paisinéirí iarnróid a chur chun feidhme in Éirinn. Is é an Comhlacht Náisiúnta Forfheidhmithe in Éirinn é.

Tá tuilleadh eolais ag an Údarás Náisiúnta Iompair faoi do chuid cearta mar phaisinéir iarnróid.

Tá tuilleadh eolais ag Your Europe faoi cearta paisinéirí san AE.

Údarás Náisúnta Iompair

Dún Scéine
Lána Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 WT20
Éire

Teil: (01) 879 8300 or for taxi queries 0818 064 000
Láithreán Gréasáin: https://www.nationaltransport.ie/
Láithreán Gréasáin: https://www.transportforireland.ie/

ECC Éire

Teach Bloom
Sráid an Iarnróid
Baile Átha Cliath 1
D01 C576

Láithreán Gréasáin: http://www.eccireland.ie/

Iarnród Éireann

Príomhoifig
Stáisiún Uí Chonghaile
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: (01) 8366 222
Lóghlao: 0818 366222
Láithreán Gréasáin: http://www.irishrail.ie
Téigh i dteagmháil linn: http://www.irishrail.ie/contact-us

An tSeirbhís Chúirteanna

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
Éire

Teil: +353 (0)1 888 6000
Láithreán Gréasáin: https://courts.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Lúnasa 2023