Gearán a dhéanamh faoi ghairmí leighis

Seirbhísí leighis príobháideacha

Tá comhlachtaí éagsúla ann a rialaíonn seirbhísí leighis príobháideacha.

Ní mór do ghairmithe leighis a bheith cláraithe leis an gcomhlacht cuí chun cleachtadh go dlíthiúil in Éirinn.

Coimeádann na comhlachtaí rialála seo cláir de ghairmithe agus is féidir leo gairmí cúram sláinte a bhaint den chlár má fhaightear ciontach i mí-iompar gairmiúil tromchúiseach é.

Mínítear ar an leathanach seo cá háit le gearán a dhéanamh faoi sheirbhísí leighis atá faighte agat ó ghairmí leighis príobháideach, nó an áit a gceapann tú go bhfuil gairmí leighis atá ag obair i saoráid cúram sláinte poiblí ciontach i mí-iompar gairmiúil.

Seirbhísí sláinte poiblí

Faigh comhairle maidir le gearán a dhéanamh faoi sheirbhís sláinte má bhaineann do ghearán le seirbhís sláinte poiblí nó cúram sóisialta.

Cad is mí-iompar gairmiúil ann?

Is éard is mí-iompar gairmiúil ann ná iompar nach dtagann faoi na caighdeáin eiticiúla nó ghairmiúla a nglacann gairm ar leith leo.

I measc samplaí de mhí-iompar gairmiúil tá:

  • Mímhacántacht
  • Ag baint leasa as d’aois nó as d’easpa taithí
  • Gníomhú i gcoinne do threoracha
  • Úsáid teanga maslach, chiníoch nó ghnéasach

Conas gearán a dhéanamh

Ar an gcéad dul síos, ba chóir duit gearán a dhéanamh go díreach leis an ngairmí nó leis an tseirbhís leighis. Déan do ghearán duine le duine, ar an dteileafón nó i scríbhinn.

Mínigh cad faoi do ghearán agus conas is mian leat é a chur ina cheart.

Féadfaidh tú ceist a chur ar an tseirbhís maidir lena nós imeachta gearán, nó féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht rialaitheach cuí. Féach ‘Ag tabhairt níos faide le do ghearán’ thíos.

Ag tabhairt do ghearán níos faide

Murar féidir leis an ngairmí féin nó ag a sheirbhís do ghearán a réiteach (an clinic nó ospidéal, mar shampla), is féidir leat gearán foirmiúil a dhéanamh leis an gcomhlacht rialaitheach ábhartha.

Dochtúirí

Tá dochtúirí leighis in Éirinn á rialú ag Comhairle na nDochtúirí Leighis.

Is féidir le Comhairle na nDochtúirí Leighis gearáin a fhiosrú faoi oiriúnacht dochtúra chun leigheas a chleachtadh. Má tá an gearán tromchúiseach agus má ardaíonn sé imní faoi oiriúnacht dochtúra chun cleachtadh, is féidir leis an gComhairle clárú an dochtúra a shrianadh. D’fhéadfadh sé seo deireadh a chur lena gceart chun leigheas a chleachtadh in Éirinn. Tá tuilleadh faisnéise ag Comhairle na nDochtúirí Leighis faoi ghearán a dhéanamh faoi dhochtúir (pdf).

Altraí agus mná cabhrach

Tá gairmeacha altranais agus cnáimhseachais á rialú ag Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann (NMBI).

Tá an NMBI freagrach go dlíthiúil as gearáin i gcoinne altraí agus cnáimhseach a chleachtann in Éirinn a láimhseáil. Má ardaíonn an gearán imní thromchúiseach faoi oiriúnacht an altra nó na mná cabhrach chun cleachtadh, is féidir leis an NMBI smachtbhannaí a úsáid i gcoinne na haltra nó na mná cabhrach. Tá tuilleadh faisnéise ag an NMBI faoi ghearán a dhéanamh faoi altra nó faoi chnáimhseach.

Fiaclóirí

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú tar éis duit gearán a dhéanamh go díreach le d’fhiaclóir, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís um Réiteach Gearán Fiaclóireachta. Oibreoidh siad leat agus leis an bhfiaclóir chun an gearán a réiteach.

Cógaiseoirí

Is comhlacht poiblí neamhspleách é Cumann Cógaiseoirí na hÉireann (PSI) a láimhseálann gearáin a dhéantar i gcoinne cógaiseoirí agus cógaslanna.

Réitítear roinnt gearán trí idirghabháil. Seachas sin, socróidh an PSI éisteacht os comhair coiste fiosrúcháin. Tá tuilleadh faisnéise ag an PSI faoi ghearán a dhéanamh faoi chógaiseoir nó faoi chógaslann.

Gairmithe cúram sláinte arna rialú ag CORU

Tá roinnt gairmeacha sláinte agus cúraim shóisialta á rialú ag CORU.

Rialaíonn CORU na gairmeacha seo a leanas faoi láthair:

  • Diatéitigh
  • Radharceolaithe dáileacháin
  • Eolaithe leighis
  • Teiripeoirí saothair
  • Optaiméadraithe
  • Teiripeoirí fisiceacha
  • Fisiteiripeoirí
  • Podiatraithe agus cosliachta[AK1]
  • Radagrafaithe
  • Teiripeoirí radaíochta

Déanfaidh CORU na gairmeacha seo a leanas a rialáil amach anseo:

  • Bithcheimiceoirí cliniciúla
  • Comhairleoirí agus síciteiripeoirí
  • Ortoptaigh
  • Síceolaithe
  • Oibrithe cúraim shóisialta

Tá CORU, agus rialáil na ngairmithe cúram sláinte seo leagtha amach san Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005 (arna leasú).

Comhairleoirí agus teiripeoirí

bord clárúcháin do chomhairleoirí agus síciteiripeoirí ag forbairt córas clárúcháin agus rialacháin. Nuair a bheidh sé seo bunaithe, déanfaidh CORU imscrúdú ar ghearáin faoi chomhairleoirí agus faoi shíciteiripeoirí.

Cuireann Cumann Comhairleoireachta agus Síciteiripe na hÉireann (IACP) an cleachtas is fearr chun cinn agus déanann sé ionadaíocht ar chomhairleoirí agus teiripeoirí. Ní gá do chomhairleoirí agus síciteiripeoirí a bheith cláraithe leis an IACP.

Tréidlianna

Rialaíonn Comhairle Tréidlianna na hÉireann tréidlianna agus altraí tréidliachta. Láimhseálann an VCI gearáin faoi chleachtóirí tréidliachta agus altraí cláraithe. Féadfaidh sé an cleachtóir nó an t-altra a bhaint den chlár.

Tá tuilleadh faisnéise ag an VCI maidir le gearáin i gcoinne tréidlia nó altra tréidliachta.

Cleachtóirí cúram sláinte malartacha

Seo a leanas roinnt samplaí de leigheasanna comhlántacha agus malartacha:

  • Snáthaidpholladh
  • Luibheanna
  • Hoiméapaite
  • Suathaireacht theiripeach
  • Leigheas Oirthearach

Níl aon riachtanais chlárúcháin do chleachtóirí teiripí comhlántacha. Mar sin féin, tá clinicí agus gairmithe fós faoi réir chosaint tomhaltóirí, sláinte agus sábháilteachta, iomaíochta, conartha agus dlí coiriúil. Tá tuilleadh comhairle ag an Roinn Sláinte faoi theiripe chomhlántach (pdf).

Tuilleadh faisnéise

Faigh tuilleadh faisnéise faoi do chearta tomhaltóirí.

Faigh tuilleadh comhairle faoi conas gearán a dhéanamh.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi ghearán a dhéanamh faoi sheirbhís sláinte agus faoi ghníomhaireachtaí seirbhíse sláinte.

CORU An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh

Infinity Building
Lána Sheoirse
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
D07 E98Y

Teil: (01) 293 3160
Láithreán Gréasáin: http://www.coru.ie/
R-phost: info@coru.ie

Comharile na nDochtúirí Leighis

Teach Kingram
Plás Kingram
Bhaile Átha Cliath
D02 XY88

Teil: +353 (0)1 498 3100
Láithreán Gréasáin: http://www.medicalcouncil.ie

An Bord Altranais

Teil: +353 (01) 639 8500
Facs: +353 (01) 639 8595
Láithreán Gréasáin: http://www.nmbi.ie

Teil: +353 (0)1 2837294
Facs: +353 (0)1 2837678

None

Teil: 01 688 4402
Láithreán Gréasáin: http://www.vci.ie
R-phost: info@vci.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 Iúil 2023