Cearta réadmhaoine lánúineacha comhchónaithe

Cad is lánúin chomhchónaitheann?

Lánúin é lánúin chomhchónaithe a chónaíonn le chéile i gcaidreamh tiomanta agus collaí, nach bhfuil pósta lena chéile agus nach bhfuil i bpáirtnéireacht shibhialta. Is féidir le lánúineacha nach den ghnéas céanna nó den ghnéas céanna iad a bheith i gceist le lánúineacha comhchónaithe. Is féidir le caidreamh comhchónaithe leanúint de bheith ina chaidreamh ‘collaí’ fiú mura caidreamh gnéasach é.

Bíonn cearta áirithe ag lánúineacha comhchónaithe in Éirinn maidir le réadmhaoin, coimeád leanaí, cothabháil agus oidhreacht. Chun cáiliú do na cearta seo, caithfidh tú a bheith ag comhchónaí ar feadh ar a laghad 5 bliana (nó 2 bhliain má tá leanaí cleithiúnacha agaibh le chéile).

Leagtar an dlí amach maidir le cearta comháitritheoirí san Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010.

Comhaontuithe comhchónaithe

Is féidir le lánúineacha a chónaíonn le chéile a roghnú comhaontú comhchónaithe (ar a dtugtar comhaontú comháitritheora freisin) a iontráil. Conradh sínithe é seo ina leagtar amach do leasanna airgeadais dá dtiocfadh deireadh le bhur gcaidreamh (an méid a tharlóidh do shócmhainní áirithe, cosúil le bhur réadmhaoin chomhroinnte san áireamh).

I gcás scartha, is féidir le comhaontú comháitritheora bhur sócmhainní a roinnt a dhéanamh níos neamhchasta.

Caithfidh tú féin agus do pháirtnéir comhairle dlí a fháil sula n-iontrálfar isteach i gcomhaontú comháitritheora, agus caithfidh an bheirt agaibh é a shíniú go mbeidh sé bailí. Nuair a bhíonn sé sínithe, is féidir leis an gcúirt an comhaontú a chur i bhfeidhm.

Faoi chúinsí eisceachtúla, is féidir le cúirt do chomhaontú comháitritheora a athrú (gnéithe de a athrú) nó a chur i leataobh faoi chúinsí eisceachtúla ina ndéanfaí éagóir thromchúiseach dá gcuirfí i bhfeidhm é.

Teach a cheannach le chéile

Nuair a cheannaíonn tú áit chónaithe le do pháirtnéir, beidh ort an cinneadh a dhéanamh ar cibé acu an réadmhaoin a chlárú nó gan é a chlárú leis an gclárlann talún mar:

•Comhthionóntaí, nó

•Tionóntaí i gcoiteannas

Sula ndéanann tú do chinneadh, is tábhachtach go dtuigeann tú cineál gach saghais úinéireachta agus teidil. Is féidir leis an mbealach a bheidh comhúinéireacht agat ar an réadmhaoin difear a dhéanamh do do chumas déileáil leis an réadmhaoin amach anseo.

Faigh comhairle ghairmiúil dlí i gcónaí sula roghnaíonn rogha úinéireachta áit chónaithe. D’fhéadfadh do chinneadh tionchar a imirt ar do chearta réadmhaoine i gcás scartha, nó i gcás báis.

Comhthionóntacht

Is é comhthionóntacht an saghas is coitianta de theideal comhúinéireachta. Ciallaíonn comhthionóntacht go mbíonn comhúinéireacht agaibh beirt ar an réadmhaoin agus go mbíonn na scaireanna comhionanna agaibh den úinéireacht sin. Ní féidir leat an réadmhaoin a dhíol nó a ligean ar cíos gan toiliú do chomháitritheora. Má fhaigheann comháitritheoir amháin bás, beidh úinéireacht ag an duine eile go huathoibríoch ar an réadmhaoin go léir.

Mura bhfuil sibh pósta nó mura páirtnéirí sibhialta sibh agus má fhaigheann do pháirtnéir bás, b’fhéidir go mbeidh tú (comhthionóntaí marthanach na réadmhaoine) faoi dhliteanas Cáin Fáltas Caipitiúil a íoc mar thoradh ar úinéir iomlán na réadmhaoine a dhéanamh díot trí mharthanas. Is éard a dhéanann do pháirtnéir, go héifeachtach, ná a sciar den réadmhaoin ‘a thabhairt duit mar bhronntanas’, ach mar gheall nach bhfuil sibh pósta (agus nach páirtnéirí sibhialta sibh), b’fhéidir go mbeidh oraibh Cáin Fáltas Caipitiúil a íoc, atá infheidhme maidir le bronntanais agus oidhreacht.

Is féidir libh bheith in bhur gcomhúinéirí i gcomhthionóntacht fiú má ranníocann duine amháin níos mó ó thaobh airgeadais de leis an réadmhaoin ná an duine eile. Má d’íoc duine amháin níos mó don réadmhaoin, áfach, agus má dhíoltar an teach níos déanaí, b’fhéidir go bhfaighidh an duine eile, faoi roinnt cúinsí, níos lú ná 50% de na fáltais.

Ar an gcuma chéanna, má ranníocann sibh méid níos lú le praghas ceannaigh na réadmhaoine, is éard a dhéanann do pháirtnéir, go héifeachtach, ná sciar níos mó de do theidlíocht réadmhaoine ‘a thabhairt duit mar bhronntanas’. Sa chás go bhfaigheann do chomháitritheoir bás, is féidir leis an ‘bronntanas’ seo a bheith faoi dhliteanas Cáin Fáltas Caipitiúil.

Mar gheall go bhféadfadh impleachtaí cánach a bheith ann do chomháitritheoirí i gcomhthionóntacht, ba cheart duit comhairle ghairmiúil dlí a fháil i gcónaí. Féach ‘Comhairle dlí a fháil’ thíos.

Tionóntacht i gcoiteannas

Ciallaíonn tionóntacht i gcoiteannas go bhfuil úinéireacht ag 2 dhuine ar an réadmhaoin i scaireanna sainithe, mar shampla, 50/50, 75/25, 60/40.

Is féidir le gach duine a sciar den réadmhaoin a fhágáil le pé duine ar mian leo (a bpáirtnéir san áireamh), ach caithfidh siad uacht a dhéanamh ina luaitear é seo.

Mura ndéanann tú uacht, déantar cuid de d’eastát de do sciar den réadmhaoin má fhaigheann tú bás. B’fhéidir go mbeidh iallach ar do pháirtnéir an áit chónaithe a dhíol lena cheadú d’eastát a riar.

Anuas air sin, is féidir le do theaghlach (nó fiú céile nó páirtnéir sibhialta scartha) an sciar seo a éileamh. Ní bhíonn aon cheart uathoibríoch ag do pháirtnéir marthanach do sciar den réadmhaoin a fháil.

Is féidir níos mó a léamh faoi dhéileáil le heastát duine mhairbh.

An áit chónaithe a dhíol

Má tá tú ag comhchónaí le do pháirtnéir ina dteach, ní gá dóibh do thoiliú scríofa a fháil sular féidir leo an teach a dhíol nó a ligean ar léas.

Má tá comhúinéireacht agaibh ar an áit chónaithe, ní féidir an réadmhaoin a dhíol gan toiliú scríofa na beirte agaibh.

Is féidir leat léamh faoi do chearta réadmhaoine agus an miondealú ar chaidreamh.

Tithíocht údaráis áitiúil

Is féidir le lánúineacha comhchónaithe iarratas a dhéanamh ar thithíocht údaráis áitiúil (ar a dtugtar tithíocht shóisialta freisin). Is gnách go leithdháiltear tithíocht údaráis áitiúil bunaithe ar an ngá atá agat le tithíocht agus cibé acu an féidir nó nach féidir leat íoc as do chóiríocht féin.

Is féidir leat féin agus do pháirtnéir iarratas a dhéanamh go leithdháilfear teach a mbeidh seilbh chomhthionóntachta air (féach thuas).

Má bhogann tú isteach i dteach údaráis áitiúil arb é do pháirtnéir an tionónta aonair atá ann cheana féin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chomhthionóntacht i ndiaidh 2 bhliain.

Is féidir níos mó a léamh faoi iarratas a dhéanamh ar thithíocht údaráis áitiúil.

Comhairle dlí a fháil

Má tá réadmhaoin á ceannach (nó má tá tú ag machnamh faoi réadmhaoin a cheannach) le do pháirtnéir, ba cheart duit comhairle dlí a fháil chun an rogha úinéireachta is fearr a aimsiú duit.

Is féidir le táillí aturnaetha a bheith an-éagsúil, mar sin, moltar duit an margadh is fearr a chuardach agus roinnt luachana a fháil sula ndéanann tú cinneadh faoi cén t-aturnae ba mhaith leat a úsáid. Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála d’aturnaetha a fháil ar láithreán gréasáin an Dlí-Chumainn.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an ionad dlí is gaire duit chun teacht ar eolas ar Chúnamh Dlí. Má tá tú incháilithe do chúnamh agus comhairle dlí a fháil ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil, is ngách go mbeidh ort ranníocaíocht a íoc i dtreo na gcostas.

Eagraíocht neamhspleách dheonach iad Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (ICDSAanna) a oibríonn líonra de chlinicí comhairle dlí ar fud na tíre. Tá na clinicí seo faoi rún, saor in aisce agus ar oscailt do chách. Déan teagmháil leis an Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh is gaire duit chun teacht ar fhaisnéis ar sheirbhísí ICDSA i do cheantar. Cuireann ICDS líne eolais agus atreoraithe ar fáil freisin i rith uaireanta oifige chun teacht ar eolas bunúsach faoin dlí.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

16-22 Sráid na Faiche
Baile Átha Cliath 7
Éire

Uaireanta Oscailte: Dé Luain go hAoine 9am go 1pm agus 2pm go 5pm
Teil: (01) 858 9601
Lóghlao: 1890 245 545
Facs: (01) 858 9609
Láithreán Gréasáin: http://www.ihrec.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Bealtaine 2020