Uchtú Intíre

Réamhrá

Is éard is uchtú ann ná nuair a uchtaíonn tú leanbh go dlíthiúil agus bíonn siad go hoifigiúil mar chuid de do theaghlach.

Is éard is uchtú baile ann ná nuair a uchtaíonn tú leanbh a bhfuil cónaí air in Éirinn. Tá cineálacha éagsúla uchtaithe baile ann, mar shampla, uchtú leasthuismitheora agus uchtú chúraim altrama fadtéarmach.

Mínítear ar an leathanach seo na cineálacha éagsúla uchtaithe baile, na céimeanna a bhaineann leis an bpróiseas uchtaithe, agus na rialacha faoi cé atá in ann leanbh a uchtú in Éirinn.

B’fhéidir gur mhaith leat ár féachaint ar ár leathanach faoi uchtú idir tíortha, an áit a uchtaíonn tú leanbh ó thar lear.

Cineálacha uchtaithe baile

Is éard is uchtú baile ann ná nuair a uchtaíonn tú leanbh a bhfuil cónaí air in Éirinn. Tá cineálacha éagsúla uchtaithe baile ann:

Uchtú leas-tuismitheora

Is é atá i gceist le huchtú leas-tuismitheora ná iarratas a dhéanamh chun leanbh do pháirtí a uchtú.

Féadfaidh do pháirtí toiliú (aontú) leis an uchtú agus a gcearta agus a bhfreagrachtaí tuismitheoirí féin a choinneáil. Le huchtú leas-tuismitheora, roinneann tú féin agus do pháirtí dualgais tuismitheoireachta a luaithe a dhéantar ordú uchtaithe. Léigh faoi orduithe uchtaithe sa chuid 'Céimeanna a bhaineann le leanbh a uchtú', thíos.

Caithfidh gur chónaigh an leanbh lena thuismitheoir agus leatsa (an leas-tuismitheoir ionchasach) le chéile, ar feadh 2 bhliain ar a laghad.

Uchtú teaghlaigh shínte

Uchtú teaghlaigh shínte is ea nuair a uchtaíonn ball de theaghlach an linbh (nó gaol) an leanbh. Chuirfeadh an mháthair bhreithe nó an córas cúraim leanaí Tusla an leanbh faoin a gcúram.

Uchtú naíonán baile

Uchtú naíonán baile is ea nuair a chuirtear leanbh faoi chúram tuismitheoirí eile. Cuireann seirbhís uchtaithe Tusla nó gníomhaireacht uchtaithe creidiúnaithe an leanbh faoi chúram na lánúine. Caithfidh Údarás Uchtála na hÉireann an socrúchán a cheadú sula dtarlóidh sé.

Uchtú cúraim altrama fadtéarmach

Uchtú cúraim altrama is ea nuair a uchtaíonn lánúin leanbh a cuireadh faoin a gcúram ar dtús i riocht cúraim altrama.

Faigh tuilleadh faisnéise faoi na cineálacha éagsúla uchtaithe baile ar láithréán gréasáin Údarás Uchtála na hÉireann.

Cé atá in ann leanbh a uchtú inÉirinn?

Chun leanbh a uchtú, caithfidh tú a bheith 21 bliana d’aois ar a laghad agus cónaí ort in Éirinn. Má tá tú ag uchtú an linbh mar lánúin, agus más máthair nó athair nó gaol an linbh duine agaibh, ní gá ach do dhuine amháin agaibh a bheith 21 ar a laghad.

Níl aon uasteorainn aoise ann le bheith i do thuismitheoir uchtaithe.

Is féidir leanbh a uchtú:

•Más lánúin phósta sibh atá in aontíos

•Más lánúin sibh in aontíos i gcomhpháirtíocht shibhialta

•Más lánúin sibh in aontíos (ag maireachtáil le chéile agus i gcaidreamh tiomanta) ar feadh 3 bliana ar a laghad

•Más tú máthair nó athair an linbh nó má tá agat leis an leanbh (ciallíonn gaol seantuismitheoir, deartháir, deirfiúr, uncail nó aintín an linbh, agus/nó céile aon duine díobh sin; an caidreamh leis an leanbh á rianú tríd an máthair nó tríd an athair)

Más iarratasóir aonair thú (iarratas a dhéanamh ar uchtú leat féin), agus mura dtagann tú faoi cheann ar bith de na catagóirí atá liostaithe thuas, ní fhéadfaidh tú leanbh a uchtú ach amháin má tá Údarás Uchtála na hÉireann sásta le himthosca áirithe an cháis.

Céimeanna a bhaineann le leanbh auchtú

Chun leanbh a uchtú in Éirinn, caithfidh tú céimeanna áirithe a leanúint, lena n-áirítear:

Déan teagmháil le d’oifig uchtaithe áitiúil

Chun an próiseas iarratais a thosú, caithfidh tú teagmháil a dhéanamh le d'oifig uchtaithe áitiúil, atá á reáchtáil ag Tusla - an ghníomhaireacht leanaí agus teaghlaigh. Tabharfaidh d’oifig uchtaithe áitiúil faisnéis duit faoi conas d’iarratas ar mheasúnú a chomhlánú.

Déantar do mheasúnú

Ní mór d’iarratasóirí dul trí mheasúnú mionsonraithe, lena n-áirítear roinnt agallamh agus cuairteanna baile. Is é oibrí sóisialta Tusla nó gníomhaireacht uchtaithe creidiúnaithe a dhéanann an measúnú.

Má tá tú ag déanamh iarratais ar uchtú mar lánúin phósta nó mar lánúin in aontíos, cuirfear faoi agallamh sibh ina n-aonar agus le chéile.

Cuirfidh an t-oibrí sóisialta na ceisteanna seo a leanas ort:

•Caidrimh roimhe seo agus caidrimh reatha

•Cúiseanna le huchtú

•Ionchais maidir leis an leanbh

•Cumas cabhrú le leanbh a gcuid eolais agus tuisceana ar a gcúlra nádúrtha a fhorbairt (a scéal breithe agus cá as a tháinig siad)

Caithfidh scrúdú leighis a bheith ag gach iarratasóir freisin agus Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.

Tar éis duit do mheasúnú a dhéanamh, ullmhaíonn an t-oibrí sóisialta ‘tuarascáil mheasúnaithe’ a théann os comhair an choiste uchtaithe áitiúil. Déanfaidh an coiste moladh ansin.

Bronntar 'Dearbhú Uchtaithe' ort

Seoltar an méid seo a leanas chuig Údarás Uchtála na hÉireann:

•Iarratas ar mheasúnú

•Tuarascáil an oibrí sóisialta

•Moltaí an choiste uchtaithe áitiúil

Má tá gach doiciméad i bhfeidhm agus ceart, breithneoidh Údarás Uchtála na hÉireann na moltaí agus socróidh sé cibé ar cheart Dearbhú Uchtaithe (ar a dtugtar 'Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta' uaireanta) a bhronnadh ort. Tá an dearbhú cosúil le ‘ceadúnas le huchtú’, agus d’fhéadfadh sé aois agus stádas sláinte an linbh a mheastar tú a bheith oiriúnach a bheith i do thuismitheoir dó a bheith san áireamh ann (bunaithe ar an bhfaisnéis sa tuarascáil mheasúnaithe).

Bronntar an Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta ar feadh tréimhse 2 bhliain ón dáta a eisítear é. Má tá do dhearbhú ar tí dul in éag, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh síneadh 1 bhliain eile a chur leis, ar choinníoll nach bhfuil aon athrú tagtha ar do chúinsí.

Má tá athrú tagtha ar do chúinsí (mar shampla, má bhog tú abhaile nó má tá athrú tagtha ar do stádas sláinte), caithfidh tú é sin a chur in iúl d'Údarás Uchtála na hÉireann i scríbhinn. Léigh tuilleadh faoi cad atá le déanamh má tá athrú tagtha ar do chúinsí faoin gceannteideal 'Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta' ar láithreán gréasáin an Údaráis Uchtála.

Breathnaítear ar ‘leas is fearr an linbh’

Tugann Údarás Uchtála na hÉireann tosaíocht do leas an linbh i gcónaí. Breithneoidh an tÚdarás:

•Aois agus aibíocht an linbh

•Riachtanais choirp, shíceolaíocha agus mhothúchánach an linbh

•An éifeacht is dócha a bheidh ag uchtú ar an leanbh

•Tuairimí an linbh ar an uchtú atá beartaithe dó

•Riachtanais shóisialta, intleachtúla agus oideachais an linbh

•Cothú agus cúram an linbh

•Caidreamh an linbh lena thuismitheoir, caomhnóir nó gaol de réir mar a bheidh

•Aon imthosca eile a théann i bhfeidhm ar an leanbh

Déantar ordú uchtaithe

Is doiciméad dlíthiúil é an t-ordú uchtaithe, arna eisiúint ag Údarás Uchtála na hÉireann. Deimhníonn sé go bhfuil an leanbh, de réir dlí, ina bhall dá theaghlach nua. Nuair a eisítear ordú uchtaithe, meastar go dlíthiúil gurb é an leanbh leanbh na dtuismitheoirí uchtaithe, amhail is gur rugadh dóibh é.

Tá an tréimhse ama idir deonú an dearbhaithe incháilitheachta agus oiriúnachta chun ordú uchtaithe a dhéanamh difriúil ó chás amháin go cás eile ag brath ar an gcineál iarratais uchtaithe atá á dhéanamh agus cúinsí áirithe na n-iarratasóirí agus an linbh.

I gcás uchtú tuismitheora nuair atá an leanbh in situ, táthar ag súil go rachaidh an t-iarratas ar an ordú uchtaithe chun cinn le linn shaolré an dearbhaithe incháilitheachta agus oiriúnachta.

Sa chás gur uchtú baile linbh é, níl aon chinteacht ann go ndéanfar lánúin a mheaitseáil le leanbh le linn shaolré an dearbhaithe. Sula ndéanfaidh sé ordú uchtaithe caithfidh Údarás Uchtála na hÉireann a bheith sásta go bhfuil an leanbh incháilithe le huchtú.

Freastalaíonn tú féin agus an leanbh ar an éisteacht uchtaithe

Nuair a bhíonn an t-ordú uchtaithe á dhéanamh faoi dheireadh, téann an leanbh agus na tuismitheoirí uchtaithe os comhair Bhord Údarás Uchtála na hÉireann. Caithfidh na tuismitheoirí uchtaithe fianaise faoi mhionn a thabhairt maidir lena n-aitheantas agus a n-incháilitheacht.

Beidh foirm comhlánaithe ag na tuismitheoirí uchtaithe roimhe seo ag léiriú an ainm a theastaíonn ón leanbh ar an ordú uchtaithe. Cé gur féidir é seo a athrú ag an éisteacht uchtaithe, b’fhearr é seo a chomhaontú roimh dháta na héisteachta.

Léigh tuilleadh faoin éisteacht uchtaithe ar láithreán gréasáin Údarás Uchtála na hÉireann, lena n-áirítear físeáin agus bileoga a oireann don aois do leanaí.

Faigheann tú deimhniú uchtaithe

Ag an éisteacht uchtaithe, tugtar faisnéis duit faoi theastas breithe nua a fháil don leanbh. Is gnách go mbíonn an teastas breithe nua (deimhniú uchtaithe) ar fáil tríd an bPríomhoifig Chláracháin laistigh de 4 seachtaine.

Cé nach deimhniú breithe iarbhír é, tá an stádas céanna aige, agus glacann sé ionad an teastais breithe chun críocha dlíthiúla. Tugann an deimhniú uchtaithe dáta an ordaithe uchtaithe agus ainmneacha agus seoltaí na dtuismitheoirí uchtaithe. Tá sé cosúil i ngach gné le teastas breithe.

Cearta na dtuismitheoirí breithe

Sular féidir leanbh a uchtú, caithfidh an mháthair bhreithe (nó aon chaomhnóir dlíthiúil eile) toiliú i scríbhinn a thabhairt ag baint úsáide as foirm toilithe oifigiúil. Caithfidh siad an méid seo a leanas a thoiliú (a aontú):

•Tusla nó seirbhís uchtaithe ceadaithe ag cur an linbh lena huchtú

•Ordú uchtaithe a dhéanamh

Ní féidir leis an máthair bhreithe (nó an caomhnóir) toiliú a thabhairt ach amháin tar éis dóibh comhairleoireacht a fháil. Déantar é seo chun a chinntiú go bhfuil toiliú á thabhairt acu ar bhealach saor agus eolasach. Caithfidh an t-oibrí sóisialta a bheith sásta go dtuigeann an mháthair bhreithe (nó an caomhnóir) impleachtaí dlíthiúla agus pearsanta an uchtaithe.

Tá sé de cheart ag an máthair bhreithe (nó caomhnóir) reiligiún na dtuismitheoirí uchtaithe ionchasacha a bheith ar eolas aici sula dtugann siad toiliú.

An t-athair breithe

Mura caomhnóir an linbh an t-athair breithe (mar shampla, mura bhfuil sé féin agus an mháthair pósta), níl ceart uathoibríoch aige toiliú le huchtu, nó é a choinneáil siar. Tá sé i dteideal go rachfaí i gcomhairle leis faoi uchtú a linbh. Féadfaidh sé iarratas a dhéanamh ar chaomhnóireacht freisin ionas gur féidir leis a thoiliú a choinneáil siar.

Má tá imní ort (an t-athair breithe) go bhfuil sé beartaithe ag do pháirtí nó iarpháirtí do leanbh a chur lena uchtú gan é a chur in iúl duit, féadfaidh tú iarraidh ar Údarás Uchtála na hÉireann fógra a thabhairt duit. Chun seo a dhéanamh, ní mór duit do chuid sonraí a thaifeadadh ar Chlár na nAithreacha Breithe (pdf). Féadfaidh tú é seo a dhéanamh sula saolaítear do leanbh, más gá. Seiceáiltear an clár seo i gcoinne gach iarratas ar uchtú.

Neamhchaomhnóirí ábhartha

Tá sé de cheart ag neamhchaomhnóirí ábhartha go rachfaí i gcomhairle leo faoi uchtú. Neamh-chaomhnóir ábhartha is ea duine a aithnítear mar thuismitheoir linbh, ach nach caomhnóir dlíthiúil é. Féadfaidh neamh-chaomhnóir ábhartha a bheith ina chineál caomhnóra nach bhfuil sé de cheart aige toiliú le huchtú.

Más neamhchaomhnóir ábhartha tú agus má tá imní ort go bhféadfar do leanbh a chur chun uchtaithe i ngan fhios duit, is féidir leat do chuid sonraí a chlárú le hÚdarás Uchtála na hÉireann (pdf). Seiceálfaidh siad an clár i gcoinne gach iarratas ar uchtú.

Cad a tharlóidh mura féidir leis an máthair toiliú (nó nach dtabharfaidh sí toiliú)?

Murar féidir le máthair nó caomhnóir toiliú le huchtú atá beartaithe nó má dhiúltaíonn sí amhlaidh a dhéanamh, ní féidir leis an uchtú dul ar aghaidh ach le hordú ón Ard-Chúirt.

Sa chás seo, caithfidh Tusla nó na huchtaitheoirí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte. Caithfidh siad a chruthú gur theip ar thuismitheoirí an linbh ina ndualgas i leith an linbh, agus gur féidir an mhainneachtain seo a mheas go dlíthiúil mar thréigean ar a gcearta agus a ndualgais tuismitheoirí.

Chun an t-iarratas seo a dhéanamh, caithfear an cás a éisteacht os comhair Bhord Údarás Uchtála na hÉireann ar dtús. Léigh rialacha na héisteachtaí seo ar an Láithreán Gréasáin Údarás Uchtála na hÉireann.

An féidir leis an máthair bhreithe (nó an caomhnóir) a intinn a athrú?

Má tharraingíonn an mháthair nó an caomhnóir a dtoiliú siar (a thógáil ar ais) tar éis an leanbh a chur lena uchtú, féadfaidh na huchtaitheoirí iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú. Má tá an chúirt sásta go bhfuil sé chun leasa an linbh, déanfaidh sí ordú ag tabhairt cúraim an linbh do na tuismitheoirí uchtaithe ar feadh tréimhse sonraithe. Féadfaidh an chúirt údarás a thabhairt d’Údarás Uchtála na hÉireann fáil réidh le toiliú na máthar (nó an chaomhnóra) chun an t-ordú uchtaithe a dhéanamh.

Má athraíonn máthair a intinn faoi uchtú sula ndéantar an t-ordú uchtaithe, ach má dhiúltaíonn na tuismitheoirí uchtaithe an leanbh a thabhairt suas, féadfaidh sí imeachtaí dlí a thosú chun caomhnóireacht a linbh a thabhairt ar ais di.

Cearta fostaíochta tuismitheoiríuchtaithe

Tá tuismitheoir uchtaithe i dteideal saoire uchtaíoch ó fhostaíocht. Tugann saoire uchtaíoch 24 seachtaine de shaoire ón obair do thuismitheoir amháin den lánúin uchtaithe (nó do thuismitheoir atá ag uchtú ina haonar). Tosaíonn na 24 seachtaine ón dáta a chuirtear an leanbh faoi do chúram.

Tá tuismitheoirí uchtaithe i dteideal saoire tuismitheora 5 seachtaine laistigh de 2 bhliain ón leanbh a bheith curtha faoi chúram an teaghlaigh.

D’fhéadfá a bheith i dteideal saoire do thuismitheoirí a ghlacadh chomh maith, chun am a chaitheamh ag tabhairt aire do do leanaí. Féadfaidh tú suas le 26 seachtaine de shaoire do thuismitheoirí a thógáil do gach leanbh incháilithe roimh a 12ú breithlá.

Dlíthe maidir le huchtú agus naheagraíochtaí lena mbaineann

Rinne an tAcht Uchtála 2010 na dlíthe uchtaithe uile in Éirinn a chumasc, a chomhdhlúthú agus a nuashonrú. Rinneadh an tAcht seo a athbhreithniú tuilleadh leis an Acht Uchtála (Leasú) 2017. Léigh faoi na príomhphíosaí reachtaíochta seo sa tábla thíos:

 
An dlí: Roinnt pointí lárnacha:
An tAcht Uchtála, 2010 An dlí seo:

•Bhunaigh Údarás Uchtála na hÉireann - léigh faoi 'Eagraíochtaí a bhfuil baint acu le huchtú' thíos

•Deir sé go gcaithfidh leanbh a bheith 6 seachtaine d'aois ar a laghad sula bhféadtar é a chur lena huchtú

•Leagann sé amach na critéir incháilitheachta do thuismitheoirí uchtaithe, agus sonraítear an gá atá le hiarratasóirí 'Dearbhú Incháilitheachta agus Oiriúnachta' a fháil (atá cosúil le 'ceadúnas le huchtú').

An tAcht Uchtála (Leasú) 2017 Rinne an dlí seo roinnt rialacha a nuashonrú maidir le huchtú, mar shampla:

•Meastar anois go bhfuil gach leanbh comhionann i dtéarmaí a n-incháilitheachta le haghaidh uchtaithe. Is féidir leanaí a rugadh do thuismitheoirí pósta a chur le huchtú, agus is féidir leanaí a uchtaíodh roimhe seo a uchtú arís. Léigh tuilleadh faoi incháilitheacht le haghaidh uchtaithe ar láithreán gréasáin Tusla.

•Is é leas an linbh an rud is tábhachtaí in aon iarratas uchtaithe.

•Agus an leanbh á cur lena huchtú, is féidir leis an Ard-Chúirt 'fáil réidh le'(neamhaird a dhéanamh de) an gá atá le toiliú na dtuismitheoirí má theip ar na tuismitheoirí ina ndualgas i leith an linbh ar feadh 36 mí nó níos mó, agus má mheastar go bhfuil uchtú chun leasa an linbh

Eagraíochtaí a bhfuil baint acu le huchtú baile

 
Ainm na heagraíochta: Cad a dhéanann siad:
Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach Déantar gach iarratas tosaigh ar uchtú chuig d’oifig uchtaithe Tusla áitiúil.

Ansin déanann oibrithe sóisialta ag Tusla measúnú mionsonraithe ar thuismitheoirí uchtaithe ionchasacha (lena n-áirítear agallaimh agus cuairteanna baile). Ansin cuireann oibrithe sóisialta Tusla a dtuarascálacha measúnaithe faoi bhráid Údarás Uchtála na hÉireann lena n-athbhreithniú agus lena gceadú.

Údarás Uchtála na hÉireann Is comhlacht neamhspleách é Údarás Uchtála na hÉireann, atá freagrach as:

•Caighdeáin uchtaithe in Éirinn a rialáil agus a fheabhsú, chun leasa an linbh a chur chun tosaigh

•Cabhrú le daoine le faisnéis agus rianú iar-uchtaithe

•Idirghabháil agus comhairleoireacht a sholáthar do dhaoine a raibh baint acu le roinnt uchtuithe tríú páirtí agus teaghlaigh

Tuilleadh faisnéise faoi uchtúbaile

Má tá ceist agat faoi uchtú in Éirinn, déan teagmháil le do seirbhís uchtaithe áitiúil Tusla.

An féidir liom cóip de Dheimhniú Uchtaithe a fháil?

Is féidir leat cóip deimhnithe (oifigiúil) a fháil d’iontráil i gClár na Leanaí Uchtaithe ón bPríomhoifig Chlárúcháin. Is féidir leat foirm iarratais a íoslódáil (pdf) agus í a sheoladh ar ríomhphost chuig GROonlinepayments@welfare.ie.

Is féidir an deimhniú a úsáid chun críocha dlíthiúla agus riaracháin, agus cosnaíonn sé €20.

Tuilleadh eolais

Údarás Uchtála na hÉireann

Teach Shelbourne
Bóthar Shelbourne
Droichead na Dothra
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: (01) 230 9300
Láithreán Gréasáin: https://www.aai.gov.ie/
Téigh i dteagmháil linn: https://www.aai.gov.ie/contact-us.html

Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

Brunel Tógála
Heuston Ráithe Theas
Baile Átha Cliath 8
Éire

Teil: (01) 771 8500
Láithreán Gréasáin: https://www.tusla.ie/
R-phost: info@tusla.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 27 Samhain 2018